Muhammad Ali Jinnah
Bhí Muhammad Ali Jinnah (25 Nollaig 1876 – 11 Meán Fómhair 1948) ina cheannaire ar Chumann na Moslamach, páirtí pobalach, ar feadh beagnach 30 bliain. Bhí Jinnah ag troid ar son cearta do na Moslamaigh san India le blianta fada. Ach ghríosaigh a chuid óráidí an teannas ciníoch, de réir a chéile, roimh chríochdheighilt na hIndia sa bhliain 1947.[1]
D'éirigh Jinnah ina Sheanascal ar an bPacastáin agus ina Uachtarán ar Thionól Bunreachta na Pacastáine (ar feadh bliana, 1947-1948, roimh a bhás). Féachadh air mar athair an náisiúin.
Tugtar urraim mhór do Jinnah sa Phacastáin inniu mar Quaid-i-Azam ("an Ceannaire Mór") agus Baba-i-Qaum, ("Athair an Náisiúin"). Is lá saoire an 25 Nollaig sa Phacastáin, breithlá Jinnah (ach níl muid cinnte cén lá a rugadh é i ndáiríre).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Óige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Jinnah i Jinnahbhai Poonja, in aice le Karachi (san India ag an am). Is as cúlra gnó a fuineadh é
Agus é cúig bliana déag d'aois, fuair Muhammad Ali Jinnah printíseach le comhlacht loingseoireachta i Londain. Sular imigh sé, rinneadh cleamhnas dó lena chol ceathrar. Nuair a shroich Jinnah Londain, tháinig athrú aigne air agus níorbh fhada gur athraigh sé go staidéar an dlí. D'fhág a athrú intinne colg ar a athair.
Glaodh Jinnah chun an Bharra i gCumann Onórach Ósta Lincoln sa bhliain 1895, agus é naoi mbliana déag d'aois, an tIndiach is óige riamh a glaodh chun an Bharra,
An bhliain dár gcionn, 1896, d'fhill Jinnah ar ais go Mumbai chun an dlí a chleachtadh.[2] Ag an am am, bhí sé an t-aon dlíodóir Moslamach i Mumbai. D'fhorbair Jinnah a chleachtadh go mall ó 1896 go 1907.
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh Jinnah isteach i gComhdháil Náisiúnta na hIndia sa bhliain 1904. Tharraing Jinnah aird an phobail den chéad uair i 1907, mar gheall ar an mionteagasc a tugadh dó i gCás an Chácais[3], maidir le toghcháin bhardasacha i Mumbai.
Bhí sé ina bhall de Chomhairle na hImpireachta (reachtas na hIndia Briotanaí) ó 1910 go 1911 agus arís ó 1916 go 1919.
Ar dtús, bhí Jinnah go láidir i gcoinne Chonradh Moslamach na hUile-India (a bunaíodh sa bhliain 1906. Ach mheall an Conradh Moslamach é de réir a chéile. Ceapadh Jinnah ina Uachtarán ar Chonradh Moslamach na hUile-India sa bhliain 1916.
Sna 1910idí, bhí an Conradh Moslamach agus an Chomhdháil ag obair i dteannta a chéile. Ach bhris Jinnah an ceangal a bhí aige leis an gComhdháil sa bhliain 1920.
Mhothaigh sé ní ba mhó coimhthíos le radacachas Chomhdháil Náisiúnta na hIndia, a bhí ag méadú faoi cheannaireacht Gandhi.[4] (ghluaiseacht an neamh-chomhoibrithe is mó a bhí aithne air[5]). B'fhearr le Jinnah dul chun cinn i dtreo neamhspleáchas na hIndia trí mheán bunreachtúil agus i gcomhar leis na Briotanaigh.
Le linn na fiche bhliain dár gcionn, na 1920idí agus na 1930idí, mheall coincheap na Pacastáine — stát ar leith le haghaidh na Moslamach san Áise Theas — Jinnah agus an Conradh Moslamach de réir a chéile. Chuaigh Sir Muhammad Iqbal[6] agus a chuid smaointí i bhfeidhm go mór air.
Chaith Jinnah na blianta 1930 - 1934 i Seomra na Ríchomhairle i Londain.
Pobalóir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níorbh é ach i 1937 go ndeachaigh Jinnah ar ais chuig ceannaireacht ghníomhach an Chonartha, tar éis dó cliseadh i dtoghcháin na bliana sin. Ar feadh deich mbliana ina dhiaidh sin, d'éiligh sé gurbh é an Conradh an t-aon ghuth polaitiúil de gach Moslamach Indiach agus go raibh neamhspleáchas críochach ag teastáil ó na Moslamaigh san India.
Ghríosaigh óráid cháiliúil Jinnah an teannas ciníoch, i Lahore i mí na Márta 1940.[7]
Bhí an chuma air gur léirigh torthaí na dtoghchán don Tionól Bunreachta sa bhliain 1946 go raibh an ceart aige ina sheasamh sin, ós rud é gur bhuaigh an Conradh gach suíochán a coinníodh do thoghthóirí Moslamacha. Ghéaraigh Jinnah ar an éileamh a bhí á dhéanamh aige, ionas gur éiligh sé stát lán-neamhspleách lán-cheannasach, scoite ón India. Is cosúil go raibh tromlach millteanach na Moslamach i bhfabhar na Críochdheighilte i 1947, ach ní raibh sé mar sin tamall de bhlianta roimh 1947.
Nuair a shocraigh rialtas na Breataine go dtarraingeodh sé siar go tapa ón India i 1947, bhí Jinnah agus an Conradh in ann a gcuid éileamh a dhaingniú, i mí Lúnasa na bliana sin. Bhí Moslamaigh ina gcónaí san India le fada an lá, in éineacht le Hiondúigh agus le Suícigh. Ach bhí an fanaiceacht chreidimh ann i gcónaí ag an am céanna. Bhí an teannas ag cur thar maoil i 1947. Tharla sléacht as éadan; maraíodh b'fhéidir milliún faoi chrann smola an fhoréigin eitnigh.[8]
Státaire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain nó mar sin a bhí fágtha dá shaol, chuir a dhrochshláinte (a bhí ag dul in olcas) isteach ar na hiarrachtaí a bhí á ndéanamh ag Jinnah institiúidí an stáit nua a chomhdhlúthú, lena n-áirítear gealltanas maidir le saoirse reiligiúin, cearta na mionlaigh agus aitheantas náisiúnta a rachadh níos faide ná difríochtaí creidimh (lena n-áirítear iad siúd idir Sunnaíoch agus Siach).
Tionchar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a d'éag Jinnah i 1948, fágadh an stát nua ar go leor bealaí gan fhíor-cheannaire. Cé go bhfuil meas air fós sa Phacastáin mar Quaid-i-Azam (an Ceannaire Mór), tá mórán díospóireachta ann fós maidir le nádúr a chreidimh reiligiúnaigh phearsanta agus an fhís a bhí aige faoi ról Ioslam sa pholaitíocht agus sa tsochaí.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Secunder Kermani (2017-08-18). "How Jinnah still shapes Pakistan's identity" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2020-09-12.
- ↑ Akbar Ahmed (2005-08-12). "Jinnah, Pakistan and Islamic Identity: The Search for Saladin" (as en). Routledge.
- ↑ "Caucus Case" (as en) (2020-08-25). Wikipedia.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-09-12.
- ↑ Kevin Hickey (2017). "‘Leis an ngrá a bhíonn an lá sa deireadh’ – comhairle thráthúil Gandhi" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-09-12.
- ↑ "Muhammad Iqbal" (as en) (2020-09-12). Wikipedia.
- ↑ "Address by Muhammad Ali Jinnah to the Muslim League, Lahore, 1940". www.columbia.edu. Dáta rochtana: 2020-09-12.
- ↑ Condé Nast (2015-06-21). "The Mutual Genocide of Indian Partition" (en-US). The New Yorker. Dáta rochtana: 2021-08-14.