Liaquat Ali Khan
Liaquat Ali Khan | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||||||
Deireadh Fómhair 29, 1946 - Lúnasa 14, 1947 ← luach ar iarraidh - R. K. Shanmukham Chetty →
Lúnasa 14, 1947 - Nollaig 27, 1949 - Muhammad Zafarullah Khan →
Lúnasa 14, 1947 - Deireadh Fómhair 16, 1951 - Khawaja Nazimuddin →
Lúnasa 14, 1947 - Deireadh Fómhair 16, 1951 - Khawaja Nazimuddin →
Lúnasa 15, 1947 - Deireadh Fómhair 16, 1951 | |||||||||||||
Saol | |||||||||||||
Eolas breithe | Karnal (en) ![]() | ||||||||||||
Náisiúntacht | Réimeas Briotanach An Phacastáin | ||||||||||||
Teanga dhúchais | An Urdúis | ||||||||||||
Bás | Rawalpindi, 16 Deireadh Fómhair 1951 | ||||||||||||
Áit adhlactha | Mazar-e-Quaid (en) ![]() | ||||||||||||
Cúis bháis | dúnmharú | ||||||||||||
Muintir | |||||||||||||
Céile/Céilí | Ra'ana Liaquat Ali Khan (Nollaig 1932 - Deireadh Fómhair 16, 1951) | ||||||||||||
Oideachas | |||||||||||||
Alma mater | Muhammedan Anglo-Oriental College (en) ![]() Faculty of Law, Aligarh Muslim University (en) ![]() Minto Circle (en) ![]() Exeter College (en) ![]() (1919 - 1921) Master of Laws (en) ![]() | ||||||||||||
Teangacha | an Béarla An Urdúis | ||||||||||||
Gairm | |||||||||||||
Gairm | polaiteoir, taidhleoir agus dlíodóir | ||||||||||||
Cleamhnú | |||||||||||||
Reiligiúin | An tIoslam | ||||||||||||
Páirtithe polaitíochta | Muslim League (en) ![]() All India Muslim League (en) ![]() |
Bhí Liaquat Ali Khan (Urdúis: لِیاقت علی خان ; 1 Deireadh Fómhair 1895 – 16 Deireadh Fómhair 1951) ina Phríomh-Aire ar an bPacastáin, an chéad duine sa phost, ó 1947 go dtí gur fheallmharaíodh é. Tá aithne air chomh maith mar Quaid-e-Millat (ceannaire an náisiún) agus Shaheed-e-Millat (Urdúis: شہِیدِ مِلّت mairtíreach an náisiún),
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Céimí de chuid an Choláiste Angla-Oirthearaigh Mhahamadaigh ba ea é (Ollscoile Mhahamadach Aligarh anois, áit a bhfuair sé BSc Eol Pol; LLB sa bhliain 1918).[1] Fuair sé máistreacht ó Ollscoil Áth na nDamh (Coláiste Exeter) ina dhiaidh sin. Glaodh chun an Bharra air i gCumann Onórach an Teampaill Laistigh sa bhliain 1922.
Mar aon lena chomhghleacaí gairmiúil (agus comhghleacaí páirtí ina dhiaidh sin) Mohammed Ali Jinnah, thosaigh sé mar dhuine a thacaigh le Comhdháil Náisiúnta na hIndia agus chríochnaigh sé mar cheannaire ar an Léig Mhoslamach.
Bhí sé chun tosaigh mar pharlaiminteoir sna Cúigí Aontaithe agus i gComhthionól Reachtaíochta an Láir agus rinneadh ball ríthábhachtach d'ardcheannaireacht na Léige Moslamaí.
Ceannaire an rialtais[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí Ali Khan ina Phríomh-Aire ar an bPacastáin ó bunaíodh í, i mhí Lúnasa 1947, tar éis do Jinnah bás a fháil.
Dréachtaigh Ali Khan agus a chomhghleacaithe "Rún na gCuspóirí"[2]; Is cuid de bhunreacht na Pacastáine é fós. Ghlac An Tionól Bunreachta leis ar an 12 Márta 1949.[3]
Baisteadh an "Magna Carta" ar Rún na gCuspóirí níos déanaí.[4][5] Is leagann síos an tsamhail bhunúsach de phoblacht Ioslamach é. Ach tá an Rún ina hábhar easaontais ón am sin anall idir na fórsaí polaitiúla atá in iomaíocht le chéile sa tír.
Bhí Ali Khan ag streachailt an t-am go léir le smacht a choinneáil ar pholaitíocht fhaicseanach an stáit nua, Bhí na cúrsaí ag dul sa mhuileann air, mar shampla, le heasaontas maidir leis an saghas bunreachta don tír nua, le stádas na mionlach reiligiúnach sa tír, an gaol idir an Phacastáin Thoir agus an Phacastáin Thiar, srl.
Feallmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí comhchealga míleata ann chun Ali Khan a chur as cumhacht.
Chuathas i mbun comhcheilge chun é a mharú i 1951, an "chomhcheilg Rawalpindi".[6] Ach gabhadh an lucht comhcheilge.
Cúpla lá níos déanaí, bhí Ali Khan ag labhairt i gCompany Bagh, Rawalpindi, os comhair 100,000 duine ar an 16 Deireadh Fómhair 1951 nuair a caitheadh é. Feallmharfóir proifisiúnta a mharaigh é, duine darb ainm Said Akbar as an Afganastáin. Ní fios fós céard ba bhunchúis leis an ionsaí.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2020-10-16). "Liaquat Ali Khan" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-10-16.
- ↑ "Objectives Resolution" (as en) (2020-10-11). Wikipedia.
- ↑ storyofpakistan.com (2010-12-19). "Objectives Resolution is passed [1949]". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-12-19. Dáta rochtana: 2020-10-16.
- ↑ "Pakistan’s Magna Carta | Political Economy | thenews.com.pk" (en). www.thenews.com.pk. Dáta rochtana: 2020-10-16.
- ↑ Plamen Tonchev (European Institute for Asian Studies) (2007-02-07). "Pakistan at Fifty-Five: From Jinnah to Musharraf". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-02-07. Dáta rochtana: 2020-10-16.
- ↑ "Rawalpindi conspiracy" (as en) (2020-06-30). Wikipedia.