V. V. Giri

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
VV Giri 1974 stamp of India.jpg

Ba é V. V. Giri  (10 Lúnasa 1894 -24 Meitheamh 1980) ceathrú uachtarán na hIndia.[1] Bhí sé ina neach léinn i i mBaile Átha Cliath ó 1913 go dtí 1916, tráth ar tháinig sé faoi thionchar an Chonghailigh agus Thomáis Mhic Dhonncha.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teileagúigh agus tuathánaigh ab ea muintir Giri a tháinig as Andhra Pradesh.  Den ardcheast ba ea an teaghlach.

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí teagmhálacha éagsúla idir an India agus Éire ag tús an 20ú haaois. Sa bhliain 1913, tháinig Giri go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath chun staidéar a dhéanamh ar an dlí. Bhí sé i measc cúpla dosaen neacha léinn dlí Indiacha ag UCD agus Cumann Onórach Óstaí an Rí idir 1913 agus 1916.

Le linn na tréimhse sin bhí tionchar ar leith ar Giri ag beirt cheannairí de chuid Éirí Amach na Cásca — an Conghaileach mar réabhlóidí agus ceannaire ceardchumainn, a spreag Giri go mór le dul i mbun gnímh sna réimsí seo ar ais in India agus Mac Donnchadha mar léachtóir tarraingteach i UCD[2], a fhorleathnaigh samhlaíocht na neacha léinn.[3] [4]

Faoi dheireadh, díbríodh Giri as an tír de bharr an cheangail a bhí aige le ceannairí an éirí amach.[5]

Ach le linn an Chéad Chogadh Domhanda, chas Giri le Mahatma Gandhi chomh maith agus chuaigh a chuid smaointe go mór i bhfeidhm ar Giri.

10) V.V GIRI AUTOGRAPHED PENCIL SKETCH.jpg

Uachtarán ar India[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1969, toghadh Giri ina Uachtarán ar India. Fuair V. V. Giri an ceann is fearr ar Neelam Sanjiva Reddy, cé go raibh Giri ina iarrthóir neamhspleách don uachtaránacht.

Fuair Giri tacaíocht ó Indira Gandh, ina príomh-aire ar India ag an am, ós rud é go raibh eagla uirthi go gcuirfeadh an ruaig uirthi dá mbeadh an lá ag Reddy.

1947

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "V. V. Giri: Biography" (en). Who-is-who (2018-02-03). Dáta rochtana: 2020-06-24.
  2. "From UCD and Easter Rising to President of India" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-06-25.
  3. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-24.
  4. Mridu Rai December 6, 2013UPDATED: December 6, 2013 14:46 Ist. "University College Dublin announces special scholarships for Indian students" (en). India Today. Dáta rochtana: 2020-06-24.
  5. "Súil siar ar an bPiarsach agus súil soir ar Tagore 70 bliain ó bhain an India neamhspleáchas amach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-24.