Indira Gandhi
Polaiteoir Indiach ab ea Indira Priyadarshini Gandhi (IPA (Hiondúis) ˈɪnːdɪrə ˈɡaːnd̪ʱi; née Nehru; 19 Samhain 1917 – 31 Deireadh Fómhair 1984). Ise an t-aon bhanphríomh-aire i stair na hIndia. Aon-iníon Jawaharlal Nehru, chéad phríomh-aire na hIndia, ab ea í. Bhí Indira Gandhi ina príomh-aire ó 1966 go 1977 agus ansin arís ó 1980 gur feallmharaíodh í sa bhliain 1984.
Óige agus luathshaol gairmiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Indira isteach i dteaghlach Caismíreach Pandit ar 19 Samhain 1917 in Allahabad. Bhí ról mór ag a hathair, Jawaharlal Nehru, sa ghluaiseacht ar son neamhspleáchas na hIndia faoi na Briotanaigh. Bhí Indira an t-aon pháiste sa teaghlach agus d'fhás sí aníos lena máthair, Kamala Nehru, san Anand Bhavan, eastát mór ag muintir Nehru in Allahabad. Bhí sí uaigneach míshuaimhneach agus í óg. Bhíodh a máthair tinn go minic agus a athair amuigh ag obair ar chúrsaí polaitíochta nó i bpríosún ag na Briotanaigh. Trí mheán litreacha a raibh cumarsáid aici leis sa chuid ba mhó.
A saol sa pholaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sna 1950idí d'oibrigh Indira mar chúntóir pearsanta dona hathair le linn a thréimhse mar chéad-Phríomh-Aire na hIndia.[1] Ag druidim ar dheireadh na 1950idí, bhí Indira Gandhi ina huachtarán ar an Indian National Congress.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Steinberg, Blema S. Women in power : the personalities and leadership styles of Indira Gandhi, Golda Meir, and Margaret Thatcher, 2008. McGill-Queen's University Press, Montreal. Isbn 978-0-7735-3356-1. Leathanach 20 (Google Books : arna rochtain ar 2 Nollaig 2015
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |