Neelam Sanjiva Reddy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Neelam Sanjiva Reddy
NeelamSanjeevaReddy.jpg
Member of the 4th Lok Sabha (en) Aistrigh


Dúiche: Hindupur Lok Sabha constituency (en) Aistrigh
ball de Chomhthionól na hIndia

Iúil 6, 1946 - Eanáir 24, 1950
Chief Minister of Andhra Pradesh (en) Aistrigh

Samhain 1, 1956 - Eanáir 11, 1960
Chief Minister of Andhra Pradesh (en) Aistrigh

Márta 12, 1962 - Feabhra 20, 1964
Speaker of the Lok Sabha (en) Aistrigh

Márta 17, 1967 - Iúil 19, 1969
Sardar Hukam Singh - Gurdial Singh Dhillon
Speaker of the Lok Sabha (en) Aistrigh

Márta 26, 1977 - Iúil 13, 1977
Uachtarán na hIndia

Iúil 25, 1977 - Iúil 25, 1982
Basappa Danappa Jatti - Zail Singh
8. Ard-Rúnaí na Gluaiseachta Neamhailínithe

Márta 7, 1983 - Márta 11, 1983
Fidel Castro - Zail Singh
Saol
Eolas breitheKadapa, 19 Bealtaine 1913
NáisiúntachtRéimeas Briotanach
An India
Tiarnas na hIndia
Teanga dhúchaisTeileagúis
BásBangalore, 1ú Meitheamh 1996
Cúis bháis (niúmóine)
Oideachas
Alma materOllscoil Madras
Rishi Valley School (en) Aistrigh
TeangachaTeileagúis
An Hiondúis
Gairm
Gairmpolaiteoir
Cleamhnú
ReiligiúinAn Hiondúchas
Páirtithe polaitíochtaJanata Party (en) Aistrigh
Indian National Congress (en) Aistrigh

B’é Neelam Sanjiva Reddy  (19 Bealtaine 1913 -1 Meitheamh 1996) an séú uachtarán ar an India.[1]  Nuair a bhí sé 16 bliain d'aois, sa bhliain 1929, chas sé le Mahatma Gandhi agus chuaigh a chuid smaointe go mór i bhfeidhm ar Reddy, a d'éirigh ina thírghráthóir cruthanta ón lá sin amach.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teileagúigh agus tuathánaigh ab ea muintir Reddy, a tháinig as Anantapur, Andhra Pradesh.  Den ardcheast ba ea an teaghlach.[2]

Thosaigh Reddy ag déanamh staidéir sna healaíona in Ollscoil Madras ach d'éirigh sé as an gcoláiste i 1931.

Ghlac Reddy páirt sa ghluaiseacht náisiúnta Indiach ó na 1930idí go dtí gur bhain an tír a neamhspleáchas amach.[3] Cuireadh faoi ghlas é i bpríosún Amravati, idir 1942 agus 1945.

Bhí Reddy ina pharlaiminteoir agus ina aire i Stát Madras (Tamil Nadu inniu), 1949-1951, Bhí sé ina bhall de Thionól Bunreachta na hIndia chomh maith. Bhí sé ina Chéad-Aire ar Stát Andhra Pradesh ó 1956 go dtí 1960 agus arís ó 1962 go 1964,

D'éirigh Reddy ansin ina Aire Aontais (Cruach agus Mianaigh, 1964 to 1966 agus Iompar, Eitlíocht Shibhialta, Loingseoireacht agus Turasóireacht, 1966 go 1967).

Bhí Reddy ina Uachtarán ar an gComhdháil Náisiúnta Indiach ó 1960 go 1962.

Toghadh mar Cheann Comhairle an Lok Sabha é sa bhliain 1967 .

Uachtarán ar India[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iarrthóir oifigiúil Pháirtí na Comhdhála é i dtoghchán na huachtaránachta sa bhliain 1969. Ach fuair V. V. Giri an ceann is fearr ar Reddy, cé go raibh Giri ina iarrthóir neamhspleách don uachtaránacht. Fuair Giri tacaíocht ó Indira Gandh, ina príomh-aire ar India ag an am, ós rud é go raibh eagla uirthi go gcuirfeadh an ruaig uirthi dá mbeadh an lá ag Reddy.

Chuaigh Reddy ansin isteach sa Lok Sabha mar iarrthóir de chuid an Pháirtí Janata nuair a fuair an dream sin ollbhua in olltoghchán 1977 agus atoghadh mar Cheann Comhairle é.

Dealbh Reddy, ollscoil SV (Sri Venkateswara)

Nuair a tharla folúntas uachtaránachta roinnt míonna ina dhiaidh sin, toghadh Reddy don phost sin, gan freasúra an uair seo. Chuir sé isteach a théarma cúig bliana iomlán mar Uachtarán, in ainneoin gur tháinig Indira Gandhi i réim gan stró an athuair, sa bhliain 1980.

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Pádraig Ó hIrghile cuairt stáit ar India agus ar Reddy sa bhliain 1978.[4]

an t-uachtarán Shri Pranab Mukherjee ag tabhairt ómóis, 2016

In earrach na bliana 1982, i dtreo dheireadh a théarma in oifig, thug Reddy cuairt stáit ar Éirinn. Ba é an dara Uachtarán Indiach a rinne é sin (i ndiaidh an Uachtaráin Sarvapalli Radhakrishnan sa bhliain 1964 agus príomh-aire Jawaharlal Nehru i 1949 agus ansin 1956).[5]

D'éirigh Reddy as an bpolaitíocht sa bhliain 1982.

Chniog niúmóine é agus d'éag ar an 1 Meitheamh 1996, in aois 83 bliain dó.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Neelam Sanjiva Reddy: Biography, Family, Early days in Politics, Criticisms & Awards" (en). Who-is-who (2018-02-03). Dáta rochtana: 2020-06-01.
  2. "Reddy's" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-01.
  3. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-01.
  4. RTÉ Archives (2012-07-05). "RTÉ Archives" (en). stillslibrary.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-06-01.
  5. gov.in. "Foreign relations". Dáta rochtana: 2020.