Jawaharlal Nehru

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Pt. Jawaharlal Nehru
Nehru1920.jpg

1ú Phríomh-Aire ar Phoblacht na hIndia
In oifig
15 Lúnasa 194727 Bealtaine 1964
Réamhtheachtaí: Oifig nua
Comharba: Gulzarilal Nanda

Aire Airgeadais na hIndia
In oifig
19581959
Réamhtheachtaí: T. T. Krishnamachari
Comharba: Morarji Desai

Dáta breithe 14 Samhain, 1889
Áit bhreithe Allahabad
Dáta báis 27 Bealtaine, 1964
  Nua-Deilí
Páirtí Páirtí na Comhdhála, INC, srl.
Céile Kamala Nehru
Síniú
Jawaharlal Nehru Signature.svg

An chéad Phríomh-Aire na hIndia ab ea Pandit Jawaharlal Nehru (Hiondúis: जवाहरलाल नेहरू) (14 Samhain 1889 - 27 Bealtaine 1964). Bhí sé i gceannas ar Pháirtí na Comhdhála (Congress Party sa Bhéarla), agus ina dhuine maighdeogach i ngluaiseacht Indiach chun scárúint ón rialtas Briotanach sa 20ú aois.

Ba é Panditji (Dalta) agus Pandit Nehru na hainmneacha peata a bhí aige.

Nehru ag freastal ar Scoil Harrow agus é 15 bliain d'aois

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mac le Motilal Nehru, a bhí chun tosaigh sa dlí agus sa pholaitíocht, ab ea é, a rugadh in Allahabad sa bhliain 1889. Tar éis scolaíochta baile ag oide príobháideach agus seal i Scoil Harrow (1905-1907), d'fhreastal sé ar Ollscoil Cambridge (1907-1910).

Bronnadh céim sna heolaíochtaí nádúrtha ar Nehru. D'fhreastal sé ar an Teampall Istigh i Londain ó 1910 go dtí 1912. Glaodh chun Barra Shasana air sa dara bliain.

Ar ais san India, bhí Nehru ina abhcóide ina bhaile dúchais go ceann roinnt blianta. Ina Uachtarán ar an gComhdháil Náisiúnta Indiach arís agus arís eile (1929-30, 1936-37, 1951-54) ní raibh ach ceannaire amháin, Mahatma Gandhi, ní ba thábhachtaí sa troid ar son shaoirse na hIndia.[1]

Príomh-Aire[cuir in eagar | athraigh foinse]

1947

Mar chéad Phríomh-Aire na hIndia (1947-1964) bhí Nehru chun tosaigh maidir le roinnt polasaithe a bhfuil rian leanúnach acu go fóill ar India. Dhírigh sé a dhúthracht pholaitiúil den chuid is mó ar fhorbairt an gheilleagair - trí náisiúnú agus pleanáil lárnach - agus ar an mbeartas eachtrach (neamh-chomhghuaillíocht) a bhí aige, seachas ar bheartais intíre a mbeadh tionchar díreach acu ar an dlí.

Bhí tionchar nach beag ag Nehru ar an stáitse idirnáisiúnta. Bhreathnódh air mar cheannaire an Triú Domhain.

Níor rinneadh athruithe ar dhlí pearsanta na Moslamach nuair a bhí dlí pearsanta na Hiondúch á athchóiriú, mar chuid de na hiarrachtaí níos forleithne chun idirdhealú ar fhorais na sainaicme agus na hinscne a shárú agus na mionlaigh a imeascadh leis an tsochaí nua a raibh i gceist ag Nehry.

Chonaic Nehru chomh maith diúltú dá phlean go ndéanfaí an teanga oifigiúil eisiach den Hiondúis faoin mbliain 1965. Dá bharr sin, tá an Béarla i dtreis sa dlí anuas go dtí an lá inniu. Tharla sé sin ag an am céanna a theip air cosc a chur le hatheagrú mór na stát ar bhonn teanga sna caogaidí, cé go raibh eagla air conas a rachadh sé i gcion ar aontacht an náisiúin.

Bhuail taom croí é, is cosúil, ar 27 Bealtaine 1964 agus in aois 74 bliain dó.

Nehru in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Nehru cuairteanna ar Éirinn trí uairː mar mhac léinn, sa bhliain 1907 agus mar Phríomh-Aire, sna blianta 1949 agus 1956.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-27.