Motilal Nehru

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Motilal Nehru
MotilalNehru4.jpg
ball den Tionól Lárnach Reachtach


Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na hIndia

1928 - 1929
Syed Hasan Imam (en) Aistrigh - Lala Lajpat Rai (en) Aistrigh
Saol
Eolas breithe Agra, 6 Bealtaine 1861
Náisiúntacht Réimeas Briotanach
Grúpa eitneach Kashmiri Pandit (en) Aistrigh
Bás Lucknow, 6 Feabhra 1931
Muintir
Athair Gangadhar Nehru
Máthair Indrani (Jeorani)
Céile/Céilí Swarup Rani Nehru
Páistí
Siblíní
Oideachas
Alma mater Ollscoil Cambridge
Ollscoil Allahabad
Teangacha An Hiondúis
Gairm
Gairm polaiteoir agus abhcóide
Áit oibre Allahabad
Creideamh
Páirtithe polaitíochta Indian National Congress (en) Aistrigh

Bhí Motilal Nehru ina dhlíodóir agus ina pholaiteoir náisiúnach de chuid na hIndia (6 Bealtaine 18616 Feabhra 1931)). Bhunaigh sé teaghlach mór le rá sa pholaitíocht in India lena mhac Jawaharlal Nehru agus a ghariníon, Indira Gandhi, srl.[1]

Motilal Nehru agus a chlann

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

lena chlann idir 1907 agus 1910 i Sasana

Rinne Motilal Nehrustaidéir i gColáiste Láir Muir in Allahabad agus rinne sé scrúdú na n-abhcóidí dúchasacha sa bhliain 1883; bhí sé sa chéad áit ar liosta na n-iarrthóirí rathúla. Bhí sé ag dlíodóireacht i Kanpur, faoi mhaoirseacht Pandit Prithinath, ó 1883 go 1886 agus ina dhiaidh sin bhog sé ar ais go Allahabad chun páirt a ghlacadh i gcleachtas a dhearthár a bhí ag déanamh go han-mhaith.[2]

Who's who in India, 1914

Chuaigh a dheartháir mór, Nandlal Nehru, leis an dlí chomh maith, ó 1870 ar aghaidh, tar éis dó a bheith ina bhainisteoir ar eastát tuaithe mór, áit ar chaith Motilal a óige. Bhí cleachtas réasúnta rathúil ag Nandal os comhair na hArd-Chúirte in Agra agus in Allahabad.

Nuair a d'éag Nandal Nehru sa bhliain 1887 ghlac Motilal Nehru ceannas an ghnó. Bhí sé i measc na ndlíodóirí móra le rá i Allahabad sula i bhfad agus sa bhliain 1896 a cláraíodh ar rolla abhcóidí Ard-Chúirt Allahabad é.

Thug Nehru ceithre chuairt ar an Eoraip idir 1899 agus 1909, rud a thug scannal do chuid mhaith Brámain Caismíreach eile toisc go ndearna sé neamhshuim de na deasghnátha a bhain leis an gcaillteanas gradaim dóibh siúd a thaistil ar muir. Agus Nehru ar cuairt go Londain sa bhliain 1909, tugadh cead dó pléadáil os comhair Choiste Breithiúnach na Ríchomhairle.[2]

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhéadaigh an tionchar a bhí ag Mahatma Gandhi air agus lean sé an sampla a thug Gandhi, trí éadaí Eorpacha a thréigeadh, chomh maith leis an sealúchas a bhí aige mar dhlíodóir rathúil agus trí bhogadh ó eite mheasartha Chomhdháil Náisiúnta na hIndia go dtí an eite radacach.

Bhí Motilal Nehru ina Uachtarán ar an gComhdháil sa bhliain 1919 agus sa bhliain 1928. Idir an dá linn, bhí sé ina phríomh-bhall de Pháirtí Swaraj (1923-26).

Níor aontaigh Nehru le Gandhi ar na teaicticí ar chóir a leanúint chun neamhspleáchas an náisiúin a bhaint amach agus ar an gceist ar chóir go mbeadh éileamh ar Stádas Tiarnais láithreach don India ar thús cadhnaíochta na n-éileamh a bhí á ndéanamh ag na náisiúnaithe.

1931

Le linn dó a bheith ina cheannaire de chuid Pháirtí Swaraj, bhí sé ina Cheannaire ar an Fhreasúra san Ard-Chomhairle Reachtach. Tar éis dó ról lárnach sa Chomhdháil a bhaint amach arís, bhí páirt ríthábhachtach ag Nehry agus idirbheartaíocht á déanamh idir na daoine ar mian leo an Stádas Tiarnais a chur chun cinn mar phríomhéileamh agus na daoine (lena n-áiríodh a mhac féin Jawaharlal) a bhreathnaigh air mar bhealach le haird a tharraingt ón bhfíorfhadhb.[2]

2021

Bhí Motilal Nehru ina chathaoirleach ar "Choimisiún Nehru" sa bhliain 1928 a chuir amach treoirphlean i dtaobh Stádas Tiarnas don India, plean a raibh tionchar mór aige nuair a bhí Bunreacht na hIndia, lenar glacadh sa bhliain 1950, á dhréachtú. Céim thábhachtach sa deighilt a bhí ag fás idir an Comhdháil agus Léig Mhoslamach na hIndia a bhí ann freisin.[2]

Bás agus tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Motilal Nehru, Gandhi, and Jawaharlal Nehru sna 1940idí, scigphictiúr

Cé gur chaith Nehru a am agus a dhúthracht uilig leis an bpolaitíocht den chuid is mó, ar feadh scór bliain sular éag sé, chuaigh sé ar ais leis an dlí ar uairibh agus thug sé chuairt deiridh fhada ar an Eoraip i 1927-28. Toisc go raibh a shláinte ag meath, ní raibh Nehru in ann mórán a dhéanamh i gcúrsaí poiblí idir 1929 agus 1931, go sonrach sa chéad Chomhdháil Roundtable a tionóladh i Londain i 1930-31. D'éag sé cúpla seachtain i ndiaidh a dúnta.[2]

D'éag Motilal Nehru ar 6 Feabhra 1931 i Lucknow.

Bhí tionchar mór ag saibhreas agus dearcadh Motilal Nehru ar an oideachas a fuair a mhac Jawaharlal i Sasana, i Scoil Harrow, i gColáiste na Tríonóide, Cambridge agus sa Teampall Láir. Ba mhór an sásamh dó uachtaránacht na Comhdhála a chur ar aghaidh chuig Jawaharlal sa bhliain 1929, cé nár mhair sé lena mhac a fheiceáil mar an gceannaire ba thábhachtaí i nguaiseacht náisiúnta na hIndia, taobh amuigh de Gandhi féin, agus mar Phríomh-Aire ar an India idir 1947 agus 1964.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Motilal Nehru | Indian political leader | Britannica" (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2022-02-06.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 Scoil Dlí, COBÁC (2019). "Motilal Nehru". Dáta rochtana: 2022.