Rajiv Gandhi
Jump to navigation
Jump to search

Teaghlach mór le rá sa pholaitíochtː Indira Gandhi, Jawaharlal Nehru, Rajiv Gandhi and Sanjay Gandhi
Polaiteoir Indiach ab ea Rajiv Gandhi (20 Lúnasa 1944 – 21 Bealtaine 1991). Bhí sé ina phríomh-aire ar India ó 1984 go 1989.
Feallmharaíodh máthair Rajiv, Indira Gandhi, sa bhliain 1984 agus toghadh Rajiv ina háit.[1] D'éirigh Rajiv Gandhi ina huachtarán mar sin ar an Indian National Congress.
Feallmharaíodh é ar 21 Bealtaine 1991. Maraíodh Gandhi agus 14 eile nuair a phléasc buamadóir féinmharaithe 700g RDX (pléascán plaisteach) in aice leis. Tamalach ba ea an sceimhlitheoir, agus fonn díoltais doshásaithe uirthi.
D'éirigh Sonia Gandhi, bean Rajiv Gandhi, i gceannas ar an pháirtí, an Indian National Congress.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Toghchán san India" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-05-21.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |