Martin Luther King

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Martin Luther King, Jr.
Martin Luther King Jr NYWTS.jpg
Martin Luther King, Jr.
Dáta breithe 15 Eanáir 1929
  Atlanta, Georgia, SAM
Dáta báis 4 Aibreán 1968
  Memphis, Tennessee, SAM
Náisiúntacht Meiriceánach
Gairm Seanmóirí, Údar, Gníomhaí ar son Chearta Sibhialta
Duaiseanna Duais Nobel na Síochána (1964), Bonn Uachtaránach na Saoirse (1977, iarbháis), Bonn Óir na Comhdhála (2004, iarbháis)
Céile Coretta Scott King
Síniú
Martin Luther King Jr Signature2.svg
Rosa Parks

Gníomhaí polaitiúil as Atlanta, Georgia, Stáit Aontaithe Mheiriceá ab ea Martin Luther King, Jr. (15 Eanáir, 19294 Aibreán, 1968). Ba cheannaire an-tábhachtach é King i rith Ghluaiseacht Chearta Sibhialta Mheiriceá sna 1950í agus sna 1960í[1]. Tá cáil air de bharr a chuid oibre ar son chearta daonna na nGormach i Stáit Aontaithe Mheiriceá[2].

Muintir agus Cúlra[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh King in Atlanta, Georgia don Oirmhinneach Martin Luther King Sinsearach agus Alberta Williams King. Bhain sé céim amach i Socheolaíocht (Baitsiléir Ealaíon) ag Coláiste Moorehouse sa bhliain 1948. Bhí an tUachtarán Benjamin Mays, ceannaire de chuid ghluaiseacht na gcearta sibhialta, ina dhuine de mhúinteoirí King i Moorehouse. Bhain sé céim eile amach i gCliarscoil Diagachta Crozer (Baitsiléir sa Diagacht) sa bhliain 1951.

Sa bhliain 1955 fuair sé céim dochtúireachta (Ph.D.) sa Diagacht Chórasach ó Ollscoil Bhostúin. Nuair a bhí sé ar an Ollscoil léigh sé faoi Mahatma Gandhi agus bhí sé an-tógtha lena chuid smaointe faoi feachtasaíocht shíochánta.

Phós King Coretta Scott ar 18 Meitheamh, 1953. Rinne athair King searmanas na bainise i dteach thuismitheoirí Scott i Marion, Alabama.

Bhí ceathrar clainne ag King agus Scott:

Montgomery 1958: gabhadh MLK as bheith ag síománaíocht, creid nó ná creid

Dála a n-athar, bhí gach duine acu mar cheannairí de chuid ghluaiseacht na gcearta sibhialta. Tá tuairimí difriúla acu, áfach, ar cheisteanna éagsúla.

Cailleadh bean King, Coretta Scott, ar 30 Eanáir, 2006.

Polaitíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Ar an 1 Nollaig 1955, dhiúltaigh Rosa Parks dul go cúl an bhus agus suíochán a thabhairt d’fhear den chine geal. Gabhadh í agus fuarthas ciontach as mí-iompar í, in aghaidh an dlí áitiúil. An oíche dár gcionn, chruinnigh caoga taoisigh den chine gorm le chéile chun an eachtra a phlé, agus labhair sagart anaithnid, den ainm Martin Luther King leo. Shocraigh siad baghcat a eagrú in aghaidh an chórais bus i Montgomery. Spreag an agóid seo an mionlach go mór agus thosaigh an troid in aghaidh an chiníochais sna Stáit Aontaithe i ndáiríre. Cuireadh Martin Luther King sa phríosún[3] ar feadh 381 lá agus fad a bhí sé istigh sa phríosún fuair daoine dubha cead suí cibé áit a bhí siad ag iarradh ar an mbus[4].
    Seoladh a leabhair "Why We Can't Wait", 1964
  • Ar an 28 Lúnasa 1963, thug Martin Luther King a óráid cáiliúil "I Have A Dream" le linn máirseála ar chearta sibhialta i Washington, D.C.
  • Ar an 21 Márta 1965, chuir Martin Luther King tús le ollmhórshiúil ó Selma go Montgomery, Alabama; bhí 50,000 duine ann a tháinig as áiteacha ar fud na tíre. ‘Domhnach na Fola’ a tugadh ar eachtra inár chaith póilíní go fíochmhar le dream a bhí ag agóidíocht ar mhaithe le ceart vótála do dhaoine dubha i mbaile Selma i Márta na bliana sin. An bhliain chéanna sin, taca an ama seo go díreach, a shínigh an tUachtarán Lyndon Johnson an tAcht um Chearta Vótála – an 6 Lúnasa 1965[5].
  • Sa bhliain 1967, scríobh sé "Christmas Sermon on Peace"[6].
  • "I Have a Dream" 28 Lúnasa 1963.
    Ar an 28 Márta 1968, chuaigh Martin Luther King go dtí Memphis, Tennessee don léirsiú “Is Fear Mé” (bhí plaiceaird á n-iompar ag na léirsitheoirí, "I am a man"). Bhí drochrudaí á dtuar do King faoi áfach. Ní raibh an Southern Christian Leadership Conference sásta nuair a d'fhill King chuig Memphis[7]. Bhí eagla orthu go dtiocfadh foréigean as an agóid seo. Agus nuair a d'imigh an lucht máirseála leo níos déanaí, ionsaíodh iad gan taise gan trócaire. Caitheadh daoine a fuarthas i mbun creachta (mharaigh na póilíní buachaill 16 bliain le gunna gráin.

Feallmharú[athraigh | athraigh vicithéacs]

Feallmharaíodh King ar an 4 Aibreán, 1968 i Memphis, Tennessee. Bhris círéibeacha amach tar éis feallmharú Martin Luther King.

D'admhaigh James Earl Ray go raibh sé ciontach. Bhí tuairimí ciníocha ag Ray, (ba mhionchoirpeach é). Ar an 10 Márta 1969, gearradh téarma príosúin 99 bliain ar Ray as King a fheallmharú.

Oidhreacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

James Earl Ray-F.B.I. wanted poster-.jpg

In imeacht na mblianta, tá scéalta agus conspóidí eile tagtha amach faoi shaol Martin Luther King[8] – idir scéalta faoi radaireacht i measc ban agus a chlaonta polaitiúla. Ach níl aon amhras faoi thábhacht a bheartaíochta ar son cearta sibhialta sna Stáit Aontaithe ná níl aon amhras faoin athrú chun feabhais a chur sé ar stair na tíre sin.

Onóracha[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Lyndon Johnson agus MLK
    Ceiliúrtar Martin Luther King timpeall an 15 Eanáir (a bhreithlá) gach bliain i SAM.

Leabharliosta[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Stride toward freedom; the Montgomery story (1958)
  • The Measure of a Man (1959)
  • Strength to Love (1963)
  • Why We Can't Wait (1964)
  • 'Where do we go from here: Chaos or community? (1967)
  • The Trumpet of Conscience (1968)
  • A Testament of Hope : The Essential Writings and Speeches of Martin Luther King, Jr. (1986)
  • The Autobiography of Martin Luther King, Jr. (1998), ed. Clayborne Carson

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Human progress never rolls in on wheels of inevitability. Martin Luther King, 1929-1968 -en.svg
  1. http://www.forasnagaeilge.ie/wp-content/uploads/2015/11/18-Martin-Luther-King-FT-R5.pptx
  2. https://www.examinations.ie/tmp/1516056408_8200238.pdf
  3. Sa sliocht seo, tá Martin Luther King ag tabhairt freagra orthu siúd a dúirt gur chóir go mbeadh daoine gorma foighdeach agus iad ag feitheamh le cearta sibhialta. "Ach nuair atá dronga ainbhéasacha feicthe agat ag crochadh do mháthar agus d’athar dá ndeoin féin agus ag báthadh do dheirfiúracha agus do dheartháireacha le taghd; nuair atá póilíní lán amach d’fhuath agus de ghráin feicthe agat ag eascainí, ag ciceáil agus fiú ag marú do dheartháireacha agus do dheirfiúracha gorma; nuair atá tromlach mór do chomhbhráithre Gorma, fiche milliún díobh, feicthe agat ag plúchadh i gcás múchta an bhochtanais i lár an rachmais agus an ghustail; nuair a dhéantar ciapadh ort i gcaitheamh an lae agus go bhfuil tú cráite i gcaitheamh na hoíche gur Gormach tú, ag maireachtáil de shíor ar bharr méireanna an dá chos...sin é an uair a thuigfidh tú gur deacair linn feitheamh go foighdeach. (Martin Luther King, litir as Príosún Birmingham, Aibreán 1963) https://www.examinations.ie/exam/LCHistorySampleOL_LM_IV.pdf
  4. http://www.cogg.ie/teastas-soisearach/ossp/notai/coincheap-2-ceart-agus-freagrachta/nelson-mandela-agus-martin-luther-king/
  5. https://tuairisc.ie/ag-cuimhniu-ar-acht-cinniunach-cearta-sibhialta-i-meiricea-agus-saol-martin-luther-king/
  6. A Christmas Sermon on Peace (24 Nollaig 1967, CBC): "Sula mbíonn do bhricfeasta ite ar maidin agat, tá tú faoi chom aoin ag breis is leath an domhain. Sin mar atá an domhan againne leagtha amach. Ní bheidh síocháin ar domhan againn go dtí go n-athnímid an fhíric bhunúsach seo." http://www.ecoflourish.com/Primers/education/Christmas_Sermon.html aistrithe ag https://www.examinations.ie/tmp/1516056408_8200238.pdf
  7. publicradio.org
  8. https://tuairisc.ie/ag-cuimhniu-ar-acht-cinniunach-cearta-sibhialta-i-meiricea-agus-saol-martin-luther-king/