I Have a Dream, óráid de chuid Martin Luther King (1963)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtI Have a Dream, óráid de chuid Martin Luther King
Íomhá
Map
 38°53′21″N 77°03′00″W / 38.88928°N 77.04989°W / 38.88928; -77.04989
Cineálóráid Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana28 Lúnasa 1963 Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarMartin Luther King Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe28 Lúnasa 1963 Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábharcomhionannas ciníoch
cearta sibhialta agus polaitíochta
dream (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCuimhneachán Lincoln, SAM Cuir in eagar ar Wikidata
ÓráidíMartin Luther King Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainmBéarla Cuir in eagar ar Wikidata

Musicbrainz: abcada2f-8f61-4577-b55f-a19275542669 Cuir in eagar ar Wikidata


28 Lúnasa 1963
Scannánː March on Washington for Jobs and Freedom

Ar 28 Lúnasa 1963, thug Martin Luther King óráid cháiliúil “Tá aisling (brionglóid) agam”"I Have a Dream". Labhair sé ag bun Leacht Cuimhneacháin Lincoln i Washington D.C..[1][2][3]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’eagraigh King agus daoine eile mórshiúl go Washington i dtuaisceart na Stát Aontaithe le drochstaid na ndaoine gorma a léiriú ansin. Bhí thart faoi 250,000 duine ar an mhórshiúl ar 28 Lúnasa 1963 agus d’éirigh go geal leis. Bhí staid na ndaoine gorma i gcroílár na polaitíochta sna Stáit Aontaithe anois den chéad uair.[4]

As seo a tháinig Acht na gCeart Sibhialta in 1964.

Bhain King úsáid as an mhodh chéanna arís in 1968 nuair a shiúil milliún duine go Washington arís. Cearta eacnamaíochta den chuid is mó a bhí i gceist an t-am sin.

Fáidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug King a óráid sa bhliain 1963 ar bhealach fáidhiúil agus bhí tionchar ag brionglóid Íseáia faoi Eacsadas nua air.[5] Ina óráid, glacann sé brionglóid Íseáia d'imeacht nua (Ís 40) chuige féin, agus é ag labhairt go fáidhiúil.

28 Lúnasa 1963

Sliocht as an óráid[cuir in eagar | athraigh foinse]

28 Lúnasa 1963

Níl, níl, a deirim, nílimid sásta, agus ní bheimid sásta nó go rithe an ceartas anuas amhail uisce agus an fíréantacht amhail sruth láidir.

...

'Deirim libh, inniu, a chairde: bíodh is go bhfuil deacrachtaí an lae inniu agus an lae amárach amach ar ár n-aghaidh, go fóill féin tá an aisling seo agam; aisling í atá fréamhaithe go domhain san aisling Mheiriceánach.'

Táthar á aisling dom go dtiocfaidh lá a n-éireoidh an náisiún seo chun gnímh agus a gcuirfdh sé fírinne agus brí sa mhana sin aige: ‘Is rófollas linn na fírinní seo: gur comhionann a chruthaítear na fr uile’.

Táthar á aisling dom go dtiocfaidh lá, ar chnoic dhearga Georgia, a mbeidh mic le fr a bhí ina sclábhaithe agus mic le fr a bhí ina n-úinéirí sclábhaithe — go dtiocfaidh lá a mbeidh siad ábalta suí le chéile chun tábla an bhráithreachais.

Táthar á aisling dom go dtiocfaidh lá, i stát Mississipi, sa stát sin atá sleabhctha faoi theas an aincheartais, sleabhctha faoi theas an chos ar bolg — táthar á aisling dom go dtiocfaidh lá a gclaochlóidh an stát sin ina ósais saoirse agus ceartais.

Táthar á aisling dom go dtiocfaidh lá a mbeidh mo cheathrar páistí beaga ina gcónaí i náisiún nach ar dhath a gcraicinn a dhéanfar iad a mheas ach ar mhianach a bpearsan.

Táthar á aisling seo dom inniu.

Táthar á aisling dom go dtiocfaidh lá, thuas in Alabama — in Alabama gona chiníochaithe oilbhéasacha, gona ghobharnóir a bhfuil prislíní lena bhéal le caint faoi idirshuíomh agus neamhniú — go dtiocfaidh lá thuas ansin in Alabama a mbeidh buachaillí agus girseacha beaga dubha ábalta dul i ngreim láimhe le buachaillí agus girseacha beaga geala mar dheirfúracha agus dheartháireacha.

Táthar á aisling seo dom inniu.

Táthar á aisling dom go dtiocfaidh lá: an lá sin ardófar gach gleann, agus ísleofar gach sliabh agus gach cnoc, agus déanfar an cam díreach agus na háiteanna garbha mín; agus foilseofar glóir an Tiarna, agus do chífdh an uile feoil é in éineacht.


Sin ár ndóchas. Agus sin an creideamh a bheas agam agus mé ag flleadh ar an deisceart.

Leis an chreideamh sin beimid ábalta cloch dhóchais a shnoí as sliabh an éadóchais.

Leis an chreideamh sin beimid ábalta díchorda anghlórach ár náisiúin a chlaochlú ina shiansa cheolmhar den bhráithreachas.

Leis an chreideamh sin beimid ábalta oibriú le chéile, guí le chéile, cur le chéile ar son an chirt, dul go príosún le chéile, seasamh le chéile ar son na saoirse, agus a fios againn go dtiocfaidh an lá a mbeidh an tsaoirse sin againn.[6][2]'[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Lincoln Memorial" (as en) (2021-08-24). Wikipedia. 
  2. 2.0 2.1 "Óráidí a Chuaigh i gCion - Leabhar Breac - Cló Lováin" (ga-IE). Leabhar Breac. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-08-28. Dáta rochtana: 2021-08-28.
  3. Ar Youtube ..... "martin luther king, jr., "i have a dream" speech" (as en). 
  4. NICurriculum. "Beatha le Bua". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-04. Dáta rochtana: 2021.
  5. Coimisiún na Scrúduithe Stáit, An Ardteistiméireacht 2015, Aistriúchán Ar Scéim Mharcála - Oideachas Reiligiúnach
  6. NÓS (2020). "‘Tá an aisling seo agam’ – óráid cháiliúil MLK curtha i nGaeilge do leabhar nua" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2021-08-28.
  7. Brendan / Ó Dufaighcogg.ie. "TOBAR NA GAOISE / LÁMHLEABHAR DÉAGÓRA DO RANGANNA IARBHUNOIDEACHAIS SÓISIALTA, PEARSANTA AGUS SLÁINTE (OSPS)". Dáta rochtana: 2021.