Rosa Parks

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRosa Parks

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Rosa Louise McCauley Parks
Beathaisnéis
Breith(en) Rosa Louise McCauley
4 Feabhra 1913
Tuskegee, Alabama Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Deireadh Fómhair 2005
92 bliana d'aois
Detroit, Michigan, Michigan Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha
Áit adhlacthaWoodlawn Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Afracacha
ReiligiúnEaglais Mheitidisteach Aontaithe
Scoil a d'fhreastail sé/síAlabama State University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheDetroit, Michigan
Gníomhaíocht
Réimse oibreCivil rights movement (en) Aistrigh, cearta sibhialta agus polaitíochta, leithscaradh ar bhonn cine, gníomhaíochas agus cearta sibhialta
Gairmdírbheathaisnéisí, pearsa phoiblí, gníomhaí ar son cearta sibhialta, gníomhaí ar son chearta an duine, gníomhaí polaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileRaymond Parks Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
1 Nollaig 1955civil disobedience (en) Aistrigh (Montgomery, Alabama) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0663005 Musicbrainz: 4417592c-2221-488b-b945-a1d021679bfd Songkick: 837011 Discogs: 965523 Find a Grave: 12149998 Cuir in eagar ar Wikidata

Bean den chine gorm sna Stáit Aontaithe ab ea Rosa Louise McCauley Parks (4 Feabhra 1913 - 24 Deireadh Fómhair 2005). Bhain sí clú agus cáil amach di féin san fheachtas chun cearta sibhialta a bhaint amach don chine gorm. Sa bhliain 1955, ghlac sí seasamh i gcoinne an chiníochais, rud a spreag feachtas cearta sibhialta i Meiriceá.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rosa Parks sa Memphis Museum

Rugadh Rosa Parks in Alabama agus tógadh í ar fheirm lena seantuismitheoirí, a máthair agus a deartháir. Is cosúil gurbh Éireannach é a sin-seanathair.[1] Ba mhúinteoir scoile í a máthair agus ba shiúinéir é a hathair.

Ag tús na gcaogaidí bhí Rosa Parks ag obair leis an NAACP ar son cearta sibhialta i Montgomery, Alabama. Bhí oiliúint á fáil aici i gcúrsaí a bhí bainteach le cearta sibhialta.

1955ː Easumhlaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

In Alabama. sna 1950idí, bí raibh cearta daonna ag na daoine gorma agus caitheadh go holc leo. Mar shampla, ar na busanna, bhí suíocháin ar leith ann do dhaoine geala agus suíocháin eile do dhaoine gorma. Ní raibh cead ag daoine gorma suí ar shuíocháin na ndaoine geala ach bhí cead ag na daoine geala suí ar shuíocháin na ndaoine gorma, fiú má bhí duine gorm ina shuí ansin cheana féin.

Rosa Parks, 1956

Eachtra[cuir in eagar | athraigh foinse]

An bus inar dhiúltaigh Parks dul go cúl an bhus le háit a fhágaint ar shuíochán d’fhear den chine geal.

Ar an 1 Nollaig 1955, bhí Parks ar a bealach abhaile ar bhus plódaithe. Tháinig fear geal isteach sa bhus. Ní raibh suíochán ar bith fágtha do dhaoine geala. D'iarr an tiománaí ar Parks a suíochán a thabhairt suas d’fhear geal.[2] Bhí Parks tuirseach traochta den mhíchothromaíocht agus sheas sí an fód. Scairt an tiománaí bus ar na póilíní. Tháinig siad gan mhoill agus gabhadh Rosa. Fuarthas ciontach as mí-iompar í, in aghaidh an dlí áitiúil.

An oíche dár gcionn, chruinnigh caoga taoisigh den chine gorm le chéile chun an eachtra a phlé, agus labhair sagart anaithnid, den ainm Martin Luther King leo. Shocraigh siad baghcat a eagrú in aghaidh an chórais bus i Montgomery.[3]

Níor thaistil fiú duine amháin den chine gorm ar na busanna ar feadh 381 lá. Ar deireadh, bhí ar na comhlachtaí bus fáil réidh leis na rialacha ciníocha mar bhí siad ag cailleadh an iomarca airgid.[1]

Deoraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rosa Parks agus Bill Clinton

Bhí Parks páirteach go mór i nGluaiseacht na gCeart Sibhialta (ag iarraidh cearta daonna a bhaint amach do dhaoine gorma i Meiriceá). Ach bhí sé deacair di obair a fháil in Alabama mar gheall air sin. Ar deireadh, chuaigh sí féin agus a fear céile chun cónaí i dtuaisceart na tíre, áit nach raibh an ciníochas chomh holc céanna.[1]

Duine iomráiteach san fheachtas le haghaidh cearta sibhialta ab ea Rosa Parks sna blianta dár gcionn. Bhí cónaí uirthi i Detroit go dtí a bás ar an 24 Deireadh Fómhair 2005 (in aois 92 di; tháinig néaltrú srl uirthi).[4]

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Spreag an agóid seo an mionlach go mór agus thosaigh an troid in aghaidh an chiníochais sna Stáit Aontaithe i ndáiríre.

Dealbh, National Statuary Hall, United States Capitol

Chuir gaisce Parks ceist chearta sibhialta an chine ghoirm os comhair phobal na Stát Aontaithe.

Féachann daoine anois ar Rosa Parks mar shiombail den troid ar son na saoirse do dhaoine gorma, mar go raibh sí sásta seasamh a ghlacadh i gcoinne na daoirse. Gan aon dabht, bean chróga a bhí inti a spreag go leor daoine eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 cogg.ie. "Rosa Parks". Dáta rochtana: 202.
  2. "Nelson Mandela agus Martin Luther King | COGG" (ga-GA). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-18. Dáta rochtana: 2020-10-24.
  3. ccea.org.uk. "Beatha le Bua - Martin Luther King". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-27. Dáta rochtana: 2020.
  4. "Rosa Parks - Life, Bus Boycott & Death - Biography". www.biography.com. Dáta rochtana: 2020-10-24.