Henry David Thoreau

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Henry David Thoreau
Benjamin D. Maxham - Henry David Thoreau - Restored.jpg
Dáta breithe 12 Iúil 1817
  Concord, Massachusetts
Dáta báis 6 Bealtaine 1862
  Concord, Massachusetts
Náisiúntacht Meiriceánach
Síniú
Henry D Thoreau signature.svg

Scríbhneoir, file, fealsamh, gníomhaí, agus daonuasclóir Meiriceánach a rugadh i gConcord, Massachusetts ab ea Henry David Thoreau (12 Iúil 18176 Bealtaine 1862). Bhí an tarchéimnitheachas tábhachtach i smaointeoireacht Thoreau. Is é Walden an leabhar is fearr aithne dár tháinig uaidh. Is é atá sa leabhar úd ná machnamh ar an saol simplí i dtimpeallacht nádúrtha. Saothar eile dá chuid a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine ná an aiste leis "Resistance to Civil Government" (ar a dtugtar "Civil Disobedience" freisin), ina mholann sé easumhlaíocht in aghaidh rialtais éagóirigh. Scríobh Thoreaux 20 imleabhar san iomlán sula bhfuair sé bás in aois a 44 bliana.