Cumann na gCarad
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | fine sainchreideamh Críostaí worldview (en) creideamh | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 1652 | ||||
| Bunaitheoir(í) | George Fox | ||||
| Suíomh a chartlainne | |||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Ball de | Zentralstelle für Recht und Schutz der Kriegsdienstverweigerer aus Gewissensgründen (en) Federal Council of Churches (en) | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Codanna | |||||
| Cuid de | an Protastúnachas | ||||
| Eile | |||||
Gradam a fuarthas
| |||||
| Suíomh gréasáin | quaker.org | ||||
Cumann reiligiúnach is ea Cumann na gCarad, nó ‘na Caecair[1]’ mar a thugtaí orthu freisin.
Is é an "solas istigh" dúshraith an "Chaecarachais", is é sin, Dia i gcroí an duine agus i gcoinsias an duine. Níl mórán deasghnátha foirmeálta ag Cumann na gCarad, agus ceadaíonn siad an-saoirse coinsiasa dá chéile.[2]
Sa lá atá inniu ann in Éirinn, tá go leor sloinnte de chuid na gCarad fós le cloisteáil in earnáil na tráchtála, ar nós Goodbodys, Bewleys, Pims, Lambs, Jacobs, Edmundsons, Perrys agus Bells.






Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig an Cumann ar an bhfód i Sasana sa seachtú haois déag, agus glactar leis gurbh é George Fox, easaontóir Sasanach a mhair sna blianta 1624-1691, a bhunaigh an ghluaiseacht.[3]
Rugadh George Fox in Leicestershire Shasana. Agus é ina fhear óg, ba chúis díomá aige é an chaoi a mbíodh an eaglais ró-thugtha do shaibhreas an tsaoil. In éineacht le daoine eile a bhí ag iarraidh saol simplí Críostúil a chaitheamh, bhunaigh sé Chumann na gCarad, Bhí sé míshásta leis na coimhlintí agus na cogaí idir na dreamanna reiligiúnda a chonaic sé ina thimpeall, agus é ag iarraidh teorainneacha na seicteacha éagsúla a shárú is a tharchéimniú trí Chríostaíocht ghlan a chraobhscaoileadh mar a thuig sé féin í.
Le himeacht na mblianta, tháinig an cháil ar bhaill Chumann na gCarad gur leasaitheoirí í, agus iad á spreagadh ag an mbunphrionsabal a bhí acu go bhfuil gach duine ar chomhchéim. Chuir siad i gcoinne na sclábhaíochta agus gach saghas cogaidh toisc nach raibh siadsan ag teacht le meon agus teagasc Chríost. Bhí baint acu leis an leasú ar chóras na bpríosún agus rinne siad iarracht deireadh a chur le pionós an bháis. Bhí meas mór ar scoileanna Chumann na gCarad as ucht ardchaighdeán an oideachais iontu. Scoileanna ilchreidmheacha a bhí iontu.[2]
Na Caecair in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Reáchtáladh na chéad Chruinnithe Adhartha de chuid an Chumainn in Éirinn in 1654 i dteach William Edmundson sa Lorgain, i gContae Ard Mhacha. Idir sin agus an Chéad Chogadh Domhanda, chuir baill de chuid an Chumainn go mór leis an bhforbairt shóisialta agus eacnamaíoch ar oileán na hÉireann.
Tá meath sóisialta agus eacnamaíoch na gCarad in Éirinn ag dul siar chomh fada leis an mbliain 1860, nuair a thug siad leasuithe isteach faoinar ceadaíodh dóibh daoine nár bhaill den Chumann iad a phósadh. Tar éis an chéad Chogaidh Dhomhanda, chlis ar na gnólachtaí a bhí ag go leor muilleoirí de chuid na gCarad agus le himeacht an 20ú haois ba lú an ról a bhí acu i gcúrsaí gnó na hÉireann. Ba é caifé Bewleys an gnólacht mór deireanach i mBaile Átha Cliath a bhí á rith ag Cumann na gCarad, agus ceannaíodh uathu é sna 1980idí. I nDaonáireamh na bliana 2016, fuarthas go raibh 848 mball de Chumann na gCarad ina gcónaí i bPoblacht na hÉireann.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Quakers nó Religious Society of Friends
- 1 2 COGG / .worldwiseschools.ie. "Na Sraithe Sóisearaí: Stair". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-05-10. Dáta rochtana: 2025.
- ↑ cogg.ie. "aa". Dáta rochtana: 2025.[nasc briste go buan]