Charles Darwin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Charles Darwin
Charles Darwin portrait.jpg
Saol
Ainm iomlán Charles Robert Darwin
Eolas breithe The Mount (en) Aistrigh agus Shrewsbury, 12 Feabhra 1809, 1809
Náisiúntacht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Áit chónaithe The Mount (en) Aistrigh
Teanga dhúchais English language in England (en) Aistrigh
Bás Down House (en) Aistrigh agus Shrewsbury, 19 Aibreán 1882, 1882
Áit adhlactha Abtheach Westminster
Muintir
Athair Robert Darwin
Máthair Susannah Darwim
Céile/Céilí Emma Darwin  (Eanáir 29, 1839 -  Aibreán 19, 1882)
Páistí
Siblíní
Teaghlach
Oideachas
Alma mater Coláiste Chríost, Cambridge
University of Edinburgh Medical School (en) Aistrigh
Shrewsbury School (en) Aistrigh
(1818 - 1825)
Ollscoil Dhún Éideann
(Deireadh Fómhair 1825 - : míochaine
Ollscoil Cambridge
(Eanáir 1828 - :
Leibhéal oideachais Baitsiléir Ealaíon
Máistreacht sna hEalaíona
Legum Doctor (en) Aistrigh
Teangacha An Béarla
Múinteoirí Adam Sedgwick
John Edmonstone (en) Aistrigh
Gairm
Gairm geolaí, taiscéalaí, scríbhneoir ábhar taistil, eiteolaí, feithideolaí, luibheolaí, carcinologist (en) Aistrigh, beachaire, nádúraí, fealsamh, scríbhneoir agus bitheolaí
Fostóirí Royal Geographical Society (en) Aistrigh
Saothar iomráiteach On the Origin of Species (en) Aistrigh
The Voyage of the Beagle (en) Aistrigh
The Descent of Man, and Selection in Relation to Sex (en) Aistrigh
The Expression of the Emotions in Man and Animals
Insectivorous Plants (en) Aistrigh
The Power of Movement in Plants (en) Aistrigh
The Formation of Vegetable Mould through the Action of Worms
Duaiseanna
Daoine le tionchar air/uirthi Thomas Malthus, John Frederick William Herschel, Herbert Spencer, George-Louis Leclerc Buffon, David Hume, Johann Wolfgang von Goethe, Alexander von Humboldt agus Charles Lyell
Ballraíocht Cumann Ríoga
Acadamh Eolaíochtaí na Gearmáine, Leopoldina
Acadamh Ríoga na Sualainne um Eolaíocht
Cumann Meiriceánach na Fealsúnachta
Acadamh Eolaíochtaí na hUngáire
Silesian Society for Patriotic Culture (en) Aistrigh
Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Acadamh Ríoga Ealaíon agus Eolaíochtaí na hÍsiltíre
Lincean Academy (en) Aistrigh
Cumann Zó-eolaíochta Londan
Acadamh na nEolaíochtaí
Acadamh Rúiseach na nEolaíochtaí
Acadamh Ríoga na Prúise um Eolaíocht
Royal Geographical Society (en) Aistrigh
Acadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí na Baváire
Accademia delle Scienze di Torino
Plinian Society (en) Aistrigh
Cleamhnú
Reiligiúin Anglacánachas
Agnóisí
IMDb nm6143881
Discogs ID 465460
Charles Darwin Signature.svg

Nádúraí Sasanach ba ea Charles Robert Darwin [tʃɑrlz 'dɑː.wɪn] (12 Feabhra 180919 Aibreán 1882 a thug faoi deara agus a thaispeáin gur eascair speicis uilig an tsaoil seo as sinsearach coiteann: bhunaigh sé teoiric an roghnú nádúrtha.

Charles Darwin sa bhliain 1854, cúig bliana sular foilsíodh The Origin of Species

Chuir sé Teoiric na hÉabhlóide chun cinn ina leabhar cáiliúil On the Origin of Species sa bhliain 1859. Rinne a smaointí athmhúnlú raidiciúil ar na heolaíochtaí nádúrtha go léir.

Éabhlóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1831, sheol Darwin ar an rnBeagle chun farraigí Mheiriceá Theas a thaiscéaladh, agus thaistil ar fud an Aigéin Chiúin.[1] Ag éirí as a bhreathnuithe agus saothar Alfred Russel Wallace, shaothraigh sé teoiric na héabhlóide. Leag sé amach an teoiric ina leabhar On the Origin of Species by Means of Natural Selection (Ar Bhunús na Speiceas trí Mheán an Roghnaithe Nádúrtha, 1859).

De réir na teoirice seo d'fhorbair gnéithe plandaí is ainmhithe trí roghnú nádúrtha na n-athruithe sin a chuir le cumas maireachtála is atáirgthe an orgánaigh thar na glúine. 3,500 milliún bliain ó shin, ní raibh ach orgánaigh shimplí aoncheallacha mar bhaictéir ar domhan, agus faoi seo tá orgánaigh i bhfad níos casta ann, daoine is ainmhithe eile ina measc.

I rith na n-aoiseanna d'fhorbair is d'fhorás na foirmeacha simplí ina bhfoirmeacha casta. Bhain Darwin feidhm as fianaise na n-iontaisí chun an teoiric seo a shaothrú, agus tá an eolaíocht ghéiniteach ag cur léi i láthair na huaire.

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceanglaíodh leagan amach Darwin le hiomad smaointe, teoiricí, agus idé-eolaíochtaí eile, mar shampla an náisiúnachas idé-eolaíoch, an t-impiriúlachas, an ciníochas, an caipitleachas, eoiginic, gan trácht ar ar síleadh faoi thodhchaí teangacha.[2]

Ní fios fós gach mionphointe d'fheidhmiú na héabhlóide, agus tá an-chuid taighde ar siúl an t-am ar fad chun an scéal a shoiléiriú is a iomlánú. Tá conspóid ann ó foilsíodh leabhar Darwin idir na heolaithe a ghlacann lena theoiric is daoine a chreideann i mbrí litriúil na cruthaíochta sa Bhíobla. Ach ní conspóid eolaíochta í seo, bunaithe ar fhianaisí infhíoraithe, ach conspóid reiligiúnda is/nó pholaitiúil.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  2. "Anuas den tSeilf". Feasta 63 (4), 19-20. 1 Aibreán 2010