Uachtarán na Stát Aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Séala Oifigiúil Uachtarán na Stát Aontaithe

Is é Uachtarán na Stát Aontaithe an t-oifigeach polaitiúil agus feidhmeannach is airde i Stáit Aontaithe Mheiriceá.[1] Is é Ceann Stáit agus ceannaire na bhfórsaí armtha, agus feidhmíonn sé mar cheannaire ar thrí chraobh an rialtais (scaradh cumhachtaí). Is iad[2]

Is é an t-uachtarán agus a chomh-aireacht a choinníonn an tír ag imeacht, ach is é an brainse reachtach a mholann, a phléann, agus a cheadaíonn na dlíthe ar a ritheann an tír.[3]

Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghtar Uachtarán na S-A chuig téarma oifige ceithre bliana. Ó 1951 i leith, ní féidir le huachtarán níos mó ná 2 théarma a chaitheamh sa phost. Go hiondúil ní thugtar dúshlán an té atá in oifig má roghnaíonn sé an dara téarma a lorg.[4][5]

Níl ach ball tofa amháin sa Bhrainse Feidhmiúcháin - an t-uachtarán féin, a thoghtar gach ceithre bliana. Roghnaíonn an t-uachtarán cúigear déag dá chomh-aireacht, ach ní gá do bhaill na comh-aireachta a bheith ina bhFeisirí in aon chor.

Toghtar an t-uachtarán gach ceithre bliana, ach na baill eile ar bhonn scaipthe gach dhá bhliain.[3] De ghnáth, tar éis toghchán lár téarma bíonn páirtí an Uachtaráin cloíte agus ciúin. Bíonn siad ag díriú ar thréimhse beagnach dhá bhliain nuair nach mbíonn sé ar a gcumas aon dul chun cinn a dhéanamh ná aon pholasaí a chur i bhfeidhm.[5]

Is é Joseph R. Biden an t-uachtarán reatha. Toghadh sa bhliain 2020 é agus chuaigh sé i mbun dualgais ar 20 Eanáir 2021.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Presidents" (en-US). The White House. Dáta rochtana: 2023-02-12.
  2. "Branches of Government | house.gov". www.house.gov. Dáta rochtana: 2023-02-12.
  3. 3.0 3.1 Brian Ó Broin (Márta 2006). "Rialtas na Stát Aontaithe - daonlathas, praiticiúlacht agus ollchumhacht" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-02-12.
  4. Thug Ted Kennedy dúshlán Jimmy Carter i 1980 ach theip air, thug Ronald Reagan dúshlán Gerry Ford ach theip air, agus ansin theip ar Ford sa toghchán uachtaránachta agus thug Eugene McCarthy dúshlán Lyndon B Johnson i 1968
  5. 5.0 5.1 Máirín Ní Ghadhra (10 Feabhra 2023). "Níl aon éalú ón gceist mhór – aois an Uachtaráin Biden" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-12.

Liosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uimh Uachtarán Téarma in oifig Páirtí Leas-Uachtarán
1 George Washington 1789-1797 gan pháirtí aon John Adams
2 John Adams 1797-1801 Feidearálach Thomas Jefferson
3 Thomas Jefferson 1801-1809 Daonlathach-Poblachtach Aaron Burr agus George Clinton
4 James Madison 1809-1817 Daonlathach-Poblachtach Elbridge Gerry
5 James Monroe 1817-1825 Daonlathach-Poblachtach Daniel D. Tompkins
6 John Quincy Adams 1825-1829 Daonlathach-Poblachtach John C. Calhoun
7 Andrew Jackson 1829-1837 Daonlathach John C. Calhoun agus Martin Van Buren
8 Martin Van Buren 1837-1841 Daonlathach Richard Mentor Johnson
9 William Henry Harrison 1841-1841 Fuig John Tyler
10 John Tyler 1841-1845 Fuig Níl aon
11 James Knox Polk 1845-1849 Daonlathach George M. Dallas
12 Zachary Taylor 1849-1850 Fuig Millard Fillmore
13 Millard Fillmore 1850-1853 Fuig Níl aon
14 Franklin Pierce 1853-1857 Daonlathach William R. King
15 James Buchanan 1857-1861 Daonlathach John C. Breckinridge
16 Abraham Lincoln 1861-1865 Poblachtach Hannibal Hamlin agus Andrew Johnson
17 Andrew Johnson 1865-1869 Daonlathach Níl aon
18 Ulysses S. Grant 1869-1877 Poblachtach Schuyler Colfax agus Henry Wilson
19 Rutherford B. Hayes 1877-1881 Poblachtach William A. Wheeler
20 James A. Garfield 1881-1881 Poblachtach Chester A. Arthur
21 Chester A. Arthur 1881-1885 Poblachtach Níl aon
22 Grover Cleveland 1885-1889 Daonlathach Thomas A. Hendricks
23 Benjamin Harrison 1889-1893 Poblachtach Levi P. Morton
24 Grover Cleveland 1893-1897 Daonlathach Adlai E. Stevenson
25 William McKinley 1897-1901 Poblachtach Garret A. Hobart agus Theodore Roosevelt
26 Theodore Roosevelt 1901-1909 Poblachtach Níl aon ansin Charles W. Fairbanks
27 William Howard Taft 1909-1913 Poblachtach James S. Sherman
28 Woodrow Wilson 1913-1921 Daonlathach Thomas R. Marshall
29 Warren G. Harding 1921-1923 Poblachtach Calvin Coolidge
30 Calvin Coolidge 1923-1929 Poblachtach Níl aon then Charles G. Dawes
31 Herbert Hoover 1929-1933 Poblachtach Charles Curtis
32 Franklin D. Roosevelt 1933-1945 Daonlathach John Nance Garner agus Henry A. Wallace agus Harry S. Truman
33 Harry S. Truman 1945-1953 Daonlathach Níl aon ansin Alben W. Barkley
34 Dwight D. Eisenhower 1953-1961 Poblachtach Richard Nixon
35 John F. Kennedy 1961-1963 Daonlathach Lyndon B. Johnson
36 Lyndon B. Johnson 1963-1969 Daonlathach gan leasuachtarán, ansin Hubert H. Humphrey
37 Richard Nixon 1969-1974 Poblachtach Spiro Agnew, ansin gan leasuachtarán, ansin Gerald Ford
38 Gerald Ford 1974-1977 Poblachtach Gan leasuachtarán, ansin Nelson Rockefeller
39 Jimmy Carter 1977-1981 Daonlathach Walter F. Mondale
40 Ronald Reagan 1981-1989 Poblachtach George H. W. Bush
41 George H. W. Bush 1989-1993 Poblachtach James Danforth Quayle III
42 Bill Clinton 1993-2001 Daonlathach Albert A. Gore, Jr.
43 George W. Bush 2001-2009 Poblachtach Richard B. Cheney
44 Barack Obama 2009-2017 Daonlathach Joseph R. Biden
45 Donald Trump 2017-2021 Poblachtach Mike Pence
46 Joseph R. Biden 2021-inniu Daonlathach Kamala Harris