Veigeatóireachas

An prionsabal nó cleachtas a bhaineann le gan feoil a ithe in am ar bith is ea veigeatóireachas.[1] Glacann daoine an nós ar chúiseanna éagsúla - mar shampla, cúiseanna eiticiúla, éiceolaíocha, reiligiúnacha, srl. Is feoilséantóirí na daoine a leanann an feoilséanadh.
Sláinte
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Féadfaidh an cothú feoilséantach a bheith níos sláintiúla ná cothú iliteach de bhrí go mbíonn níos lú saille ann, agus níos mó snáithíní is micreachothaithigh fhrithocsaídeacha. Deirtear go bhfuil nasc ann idir feoil a ithe agus galar croí, mar aon le hailse sa phaincréas, san éasafagas, sa bholg agus sa stéig.[2]
Níl mórán míbhuntáistí leis, ach amháin go mb'fhéidir go mbeidh easpa éigin iarainn fheidhmigh ann.
Maidir le veigeánachas, bíonn easpaí suntasacha ina leithéid de chothú, áfach, mar nach mbíonn dóthain cailciam, iarainn, since, nó vitimín B12 ann, agus is gá do veigeáin forlíonta cuí a thógaint[3].

Cúrsaí comhshaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Séanann an-chuid daoine feoil ar son an chomhshaoil. Má táimid dáiríre faoin athrú aeráide, caithfimid níos mó airde a thabhairt ar an bhfadhb a chruthaíonn táirgeadh feola don timpeallacht, agus ba chóir dúinn béim níos láidre a chur ar an maitheas a dhéanann an veigeatóireachas di. Mar shampla, mura n-itheann teaghlach amháin feoil lá amháin gach seachtain ar feadh bliana, is ionann é seo agus trí mhí gan tiomáint. Cé go n-astaítear dé-ocsaíd carbóin agus gáis cheaptha teasa nuair a ithimid glasraí agus pónairí, ar an meán, cruthaíonn réim bia an fheoiliteora deich n-uaire níos mó astaíochtaí ná réim bia an veigeatóra. Ó thaobh spáis de, bheadh ceithre pháirc pheile ag teastáil don fheoiliteoir chun a réim bia a chothú i gcomparáid le páirc pheile amháin don veigeatóir.[4]
Creideamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá daoine éigin ina bhfeoilséantóirí as ucht a gcreidimh.

Tá Indiaigh agus Búdaithe ann nach n-itheann feoil leis na mílte bliain anuas, toisc gur idéal sa Hiondúchas agus sa Bhudaíochas foréigean a sheachaint i leith gach créatúr beo.
In Éirinn bhí sé de nós ag Caitlicigh staonadh ón bhfeoil ar Aoine an Chéasta.
Gorta
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'fhéidir nach bhfuil feoil le fáil. Mar shampla in Éirinn, i gceantair chósta nó oileáin is mó a mhair pobail na Gaeltachta anuas go dtí ár n-aois féin. "Is dócha go bhféadfaidís dul gan feoil gan fadhb toisc go raibh go leor iasc acu ach ní fhéadfaidís staonadh ón iasc mar nach mbeadh mórán eile le n-ithe acu ina áit"[5].
Veigeánachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá daoine feoilséantacha a itheann táirgí ainmhithe cosúil le bainne is uibheacha, ach iad siúd a shéanann uibheacha, bainne is a fhotháirgí, agus feoil, is veigeáin (nó fíor-veigeatóirí) iad. Ní itheann cuid de na veigeatóirí táirgí déiríochta (.i. bainne, cáis, im, srl.), uibheacha, nó mil ach a oiread.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "veigeatóireachas - Definition in Irish Gaelic with audio pronunciation for veigeatóireachas by Foras na Gaeilge". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2026-07-10.
- ↑ "UniversityObserver.ie". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-10-24. Dáta rochtana: 2016-11-01.
- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
- ↑ Philippa White (19 MF 2012). "Is maith saol an veigeatóra duit féin agus don phláinéad" (ga-IE). University Observer. Dáta rochtana: 2026-07-10.
- ↑ An Crónánaí