Frithocsaídeoirí
Ábhair a mhoillíonn ocsaídiú ábhar éile a bhíonn freagrach, nuair a ocsaídítear é, as tús a chur le hailse nó damáiste eile do na fíocháin. Uaireanta, feidhmíonn an frithocsaídeoir trína bheith ocsaídithe é féin. Sa cholainn dhaonna, feidhmíonn córais áirithe einsímí mar fhrithocsaídeoirí — forocsaíd frithshóáis, is vitimíní áirithe A, C is E, mar shampla —agus úsáidtear iad chun cóireáil ar airtríteas réamatóideach is galar Parkinson, agus mar chosaint i gcoinne ailse na conaire gastraistéigí. Tá ullmhóidí einsímí ar fáil mar phiollairí chun an cothú a fhorlíonadh agus faoiseamh a thabhairt ar an athlasadh a tharlaíonn i bhfoirmeacha difriúla airtrítis. Bíonn frithocsaídeoirí i láthair i mbianna áirithe mar leasaithigh freisin. Úsáidtear an téarma go príomha maidir le breiseáin i mbia, cosúil le haigéad ascorbach.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |