Glútaitión
Is frithocsaídeoir é an glutathione i bplandaí, ainmhithe, fungais, agus roinnt baictéar agus archaea . Tá an glutathione in ann damáiste a chosc i gcomhpháirteanna ceallacha tábhachtacha de bharr speiceas ocsaigin imoibríoch amhail saorfhréamhacha, sárocsaídí, sárocsaídí lipíd agus trom-mhiotail[1]. Is tripheiptíd é le nasc gáma-pheiptíd idir an grúpa carbocsaile den taobhshlabhra glútamáite agus an chistéin. Tá an grúpa carbocsaile den iarmhair cistéine ceangailte le gnáthnasc peiptíde leis an glicín.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Pompella A, Visvikis A, Paolicchi A, De Tata V, Casini AF (October 2003). "The changing faces of glutathione, a cellular protagonist". Biochemical Pharmacology. 66 (8): 1499–503. doi:10.1016/S0006-2952(03)00504-5. PMID 14555227.