Frithocsaídeoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Struchtúr an fhrithocsaídeora, glútaitión

Ábhair a mhoillíonn ocsaídiú ábhar eile a bhíonn freagrach, nuair a ocsaídítear é, as tús a chur le hailse nó damáiste eile do na fíocháin. Uaireanta, feidhmíonn an frithocsaídeoir trína bheith ocsaídithe é féin. Sa cholainn dhaonna, feidhmíonn córais áirithe einsímí mar fhrithocsaídeoirí — forocsaíd frithshóáis, is vitimíní áirithe A, C is E, mar shampla —agus úsáidtear iad chun cóireáil ar airtríteas réamatóideach is galar Parkinson, agus mar chosaint i gcoinne ailse na conaire gastraistéigí. Tá ullmhóidí einsímí ar fáil mar phiollairí chun an cothú a fhorlíonadh agus faoiseamh a thabhairt ar an athlasadh a tharlaíonn i bhfoirmeacha difriúla airtrítis. Bíonn frithocsaídeoirí i láthair i mbianna áirithe mar leasaithigh freisin. Úsáidtear an téarma go príomha maidir le breiseáin i mbia, cosúil le haigéad ascorbach.

Taighde sláinte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gaol le réim bia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go dteastaíonn leibhéil áirithe frithocsaídeoirí vitimíní sa réim bia le haghaidh dea-shláinte, bíonn díospóireacht mhór ann fós an bhfuil gníomhaíocht frith-ghalair ag bianna nó forlíontaí atá saibhir i frithocsaídeoirí. Thairis sin, má tá siad tairbheach i ndáiríre, ní fios cé na frithocsaídeoirí atá ag cothú na sláinte sa réim bia agus cé mhéid sa bhréis atá ag teastáil sa bhreis ar an iontógáil tipiciúil aiste bia. [1] [2]Earráid leis an lua: Closing </ref> missing for <ref> tag </ref>

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Stanner SA, Hughes J, Kelly CN, Buttriss J (May 2004). "A review of the epidemiological evidence for the 'antioxidant hypothesis'". Public Health Nutrition. 7 (3): 407–22. doi:10.1079/PHN2003543. PMID 15153272.
  2. Shenkin A (February 2006). "The key role of micronutrients". Clinical Nutrition. 25 (1): 1–13. doi:10.1016/j.clnu.2005.11.006. PMID 16376462.