Ocsdí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sóidiam agus fluairín ag nascadh go hiaineach chun fluairíd sóidiam a dhéanamh. Cailleann sóidiam a leictreon seachtrach chun cumraíocht leictreon cobhsaí a thabhairt dó, agus téann an leictreon seo isteach san adamh fluairín go eisiteirmeach. Ansin aomtar na hiain atá luchtaithe go contrártha lena chéile. Tá an sóidiam ocsaídithe; agus an fluairín dí- ocsaídithe.

Is cineál imoibrithe cheimicigh é ocsdí ina bhfuil staideanna ocsaídiúcháin na n-adamh aithrithe. Tá sé mar chomhartha sóirt ag imoibrithe ocsdí aistriú iarbhír nó foirmiúil leictreon idir speicis cheimiceacha, go minic le speiceas amháin (an dí-ocsaídeoir) ag dul faoi ocsaídiú (leictreoin a chailleadh) le linn do speiceas eile (an t-ocsaídeoir) ag dí-ocsaídiú (gnóthachain leictreon). [1] Deirtear gur ocsaídíodh an speiceas ceimiceach as a mbaintear an leictreon, agus deirtear gur dí-ocsaídíodh an speiceas ceimiceach a gcuirtear an leictreon leis. I bhfocail eile:

Ocsaídiú[cuir in eagar | athraigh foinse]

• Tarlaíonn ocsaídiú nuair a chailleann adamh, móilín, nó ian leictreon amháin nó níos mó in imoibriú ceimiceach.

• Nuair a tharlaíonn ocsaídiú, méadaíonn staid ocsaídiúcháin an speicis cheimiceach.

• Ní gá go mbeadh ocsaigin i gceist le ocsaídiú! Ar dtús, úsáideadh an téarma nuair a bhí ocsaigin ina chúis le caillteanas leictreon in imoibriú. Tá an sainmhíniú nua-aimseartha níos ginearálta.

Dí-ocsaídiú[cuir in eagar | athraigh foinse]

• is gnóthachan leictreon nó laghdú ar staid ocsaídiúcháin adamh, ian, nó adamh áirithe i móilín (laghdú ar staid ocsaídiúcháin).


Tuilleadh léitheoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "Redox: Fundamentals, Processes and Applications" (1999): 246. Heidelberg: Springer-Verlag. 
  • "Aquatic Redox Chemistry" (2011) 1071. doi:10.1021/bk-2011-1071. 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Redox Reactions". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-05-30.