Aisling

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is aisling ann ná sruth smaointeachais atá scartha ó gnáth-thascanna an lae, agus a tharlaíonn nuair a thugtar aird ar chúrsaí níos pearsanta níos inmheánaí. Tá an feiniméan seo an-choitianta sa saol laethúil; thaispeáin staidéar mórscála amháin gur chaith na rannpháirtithe sa staidéar 47% dá gcuid ama ina ndúiseacht ag aislingeacht, ar an meán.[1] Is é “daydreaming” an téarma Béarla a d'úsáid an taighdeoir Meiriceánach Jerome L. Singer; réitigh obair Singer an bealach don taighde go léir a tháinig ina dhiaidh, beagnach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]