Máire Ní Dhonnchadha Dhuibh
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1702 Contae Chiarraí |
Bás | 1795 92/93 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
Teaghlach | |
Céile | Dónall Ó Conaill (1718–) |
Páiste | Eibhlín Dubh Ní Chonaill, Alice O'Connell (en) , Elizabeth O'Connell (en) , John O'Connell (en) , Morgan O'Connell, Maurice O'Connell (en) , Connell O'Connell (en) , Anne O'Connell (en) , Eileen O'Connell (en) , Honora O'Connell (en) , Abigail O'Connell (en) , Joan O'Connell (en) , Mary O'Connell (en) , Daniel Charles O'Connell |
Athair | Donal 'Duff' O'Donoghue (en) agus Alice Ferriter |
Duine muinteartha | Dónall Ó Conaill (mac mic) |
Bean uasal agus file traidisiúnta ba ea Máire Ní Dhonnchadha Dhuibh (c. 1702-1795?).[1] Is minic a thugtar “Máire Ní Duibh” uirthi.
Rugadh í i nGleann Fleisce i gContae Chiarraí timpeall 1702. Iníon le Domhnall Ó Donnchadha agus le hAilís Feiritéar ba ea í agus í de shliocht Uí Dhonnchadha an Ghleanna. Bhain a géag féin den mhuintir sin feidhm as an iarmhír Dubh. File ba ea uncail léi, Séafraidh Ó Donnchadha, agus é de nós aige fáilte a fhearadh ar fhilí agus eile i gCaisleán Chill Átha.
Timpeall 1718 phós sí Domhnall Mór Ó Conaill, agus deirtear gurb ise a rinne maoirseacht ar thógáil a dtí nua, Teach Dhoire Fhíonáin. Bhí dhá dhuine clainne ar fhichid acu agus tháinig ceathrar mac agus ochtar iníonacha slán. Thit an teach ar a mac Muiris an Chaipín. Ba í an file Eibhlín Dubh Ní Chonaill an iníon ba chlúití aici. Síltear go bhfuair sí bás timpeall 1795.
Bean chaolchumtha chumasach fhionn ba ea í, súile donna aici agus féith na filíochta inti. Ba ghnách le huaisle Gaelacha na háite fós a gclann a chur á n-altramú ag feirmeoirí na dúiche, nós ar chloígh Máire Ní Duibh leis, agus leanfadh na deirfiúracha agus na deartháireacha altrama a clann go deo. Ba mhór an teaghlach a bhí aici, idir pháistí, shearbhóntaí agus chailíní aimsire, agus neart oibre le déanamh: arbhar le tabhairt isteach, arán le déanamh, líon agus olann le sníomh agus a lán eile.[2]
An file
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Máire go maith chun caoineadh nó amhrán a chumadh. Chaoin sí Seán, an mac ba shine aici (agus ab ansa léi, b’fhéidir), go géar ar an sean-nós,[3] agus chaoin sí a mac Donnchadh agus a chairde gaoil nuair a chuaigh siad thar lear chun dul le saighdiúireacht.[4] Is í a bhí deas ar véarsaíocht níos éadroime a chumadh freisin, leithéid na línte seo as amhrán dá mná sníofa tuirne tar éis a lóin:[5]
- Brostaigh, a mhná!
- Caolaigh a snáth,
- Mná gan ocras
- Is turainn [tuirní] socra.
- Brostaigh, a mhná!
Tá línte eile ann a mhair i gcuimhne na ndaoine, línte a thugann léargas ar an gcaidreamh éasca idir bean uasal agus tionónta:[6]
Máire:
- Cad as tusa?
An tionónta:
- Ó Dhrom Cearbáin, a bhean uasail.
Máire:
- Is maith an fheilm í sin,
- Tá cois abha[ann] síos ann
- Is tá cois abha ‘nall ann,
- Tá a haghaidh leis an ngréin
- ‘S a cúl leis an sioc.
An tionónta:
- Tá tusa go maith chun í a mholadh
- Ach táimse chomh maith chun í a cháineadh,
- Ós againne is cúis a cáinte,
- Tá boisce ‘na lár is bá ‘na bonn,
- Tá a cúl leis an ngréin
- Is a haghaidh leis an sioc,
- Tá an cíos ró-ard
- ‘S an toradh ró-lom
- Is ní féidir liom díol leat ann.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Dictionary of Irish Biography" (2009). Cambridge: Cambridge University Press.
- ↑ O'Connell, Mrs. Morgan John (Mary Anne Bianconi O’Connell) (1892). The Last Colonel of the Irish Brigade, Count O'Connell, and old Irish life at home and abroad, 1745-1833: lch 10. London: K. Paul, Trench, Trübner & Co., Ltd.
- ↑ Ibid., lch 24.
- ↑ Ibid., lch 68.
- ↑ Ibid., lch 11.
- ↑ Ibid., lch 11.