Sráid Uí Chonaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSráid Uí Chonaill

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósDónall Ó Conaill Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 53°20′58″N 6°15′37″W / 53.349444444444°N 6.2602777777778°W / 53.349444444444; -6.2602777777778
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath
BaileBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1808
Séadchomhartha Uí Chonaill ar Shráid Uí Chonaill (agus an Spuaic le feiceáil taobh thiar de). John Henry Foley a ghearr an dealbh.
Dúnadh barr Séadchomhartha O'Connell

Is í Sráid Uí Chonaill (Béarla: O'Connell Street) príomhshráid Bhaile Átha Cliath. Tá sí naoi méadar is dhá scór (céad is trí scór troigh) ar leithead ag a deireadh theas, sé mhéadar is dhá scór (céad is deich dtroithe is dhá scór) ag a deireadh thuaidh, agus í leathchiliméadar (nó míle sé chéad go leith de throithe) ar fad. Is é an t-ainm a bhí ar an tsráid go dtí an bhliain 1924Sráid Sackville (leis an litriú Saicfil), nó Sackville Street as Béarla. Fuair an tsráid a hainm nua ó Dhónall Ó Conaill, Fuascailteoir na gCaitliceach in Éirinn. Tá deilbh an Fhuascailteora ina seasamh ag deireadh íochtair na Sráide, agus a haghaid le Droichead Uí Chonaill.

Brollach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Sráid Uí Chonaill suite i gcroílár Chathair Átha Cliath, agus is cuid í den mhórbhealach trí lár na príomhchathrach a gearradh san ochtú haois déag. Is iad codanna eile an mhórbhealaigh seo ná Sráid Westmorland, Faiche an Choláiste, agus Sráid an Dáma, agus is iad Áras na Cathrach agus Caisleán Bhaile Átha Cliath atá i ndeireadh an mhórbhealaigh.

Tá Sráid Uí Chonaill suite díreach taobh thuaidh den Life, agus í oiriúnach go maith mar ais tráchta don phríomhchathair, an dóigh a ritheann sí beagnach aduaidh ó dheas. Ós iomaí seanfhoirgneamh cuidsúlach atá le feiceáil ar fud na sráide, is í an ceann is saibhre ailtireachta de na sráideanna tráchtála sa chathair.

Is é is cúis leis sin ná go ndearna an troid ar son shaoirse na tíre an-damáiste ar an tsráid, ionas gur hatógadh an chuid is mó di. Búlbhard ó na fichidí atá ann inniu, an dóigh a dtéann sí i bhfeidhm ar an gcuairteoir, nó is ar chloch-aghaidheanna na bhfoirgneamh Nua-Chlasaiceach, ar nós siopa ilrannach Clerys, is mó a aithnítear an tsráid, agus tithe níos fíneáilte, siopaí chomh maith le bancanna, idir na mórfhoirgnimh sin. Is féidir iarsmaí na seansráide ón ochtú haois déag a aithint ar an gcuid uachtarach de Shráid Uí Chonaill, agus an taobh thiar den tsráid ag cloí le teorainneacha na seancheapach i gcónaí in áiteanna.

Cé go bhfuil leagan amach na sráide simplí, ní féidir a rá nach mbeadh sé cuanna. D'fhéadfá Sráid Uí Chonaill a dhealramh le Champs-Élysées i bPáras, ach tá sí níos cluthaire. Tá na cosbhealaí ar dhá thaobh na sráide leathan go leor, rud a chuidíonn leis na daoine a gcuid gnóthaí a dhéanamh sna siopaí ar fud na sráide.

Tá dhá lána tráchta ar an taobh clé agus dhá lána eile ar an taobh deas, agus fadó, bhí trí lána ar an dá thaobh. Idir an dá leath den tsráid tá lárspás pábháilte agus dealbhacha is séadchomharthaí suite ann. Sa dara leath den fhichiú haois bhí crainn phlána den chineál ar a dtugtar London Plane as Béarla ag fás sa lárspás sin, ach sa bhliain 2003 chinn Comhairle Cathrach Átha Cliath ar na crainn a leagan mar chuid d'ollscéim athnuachana nár críochnaíodh ach le déanaí. Ba chuid de radharcra na cathrach iad na crainn seo cheana féin, agus is follasach nár thaitin an scéim le cách.

Is í Ard-Oifig an Phoist an foirgneamh is mó faoi lár na sráide. Tógadh an Ard-Oifig sa bhliain 1808, agus caitheann a colúnáid Iónach, sé cholún ar fad, a scáil ar chuid den chosbhealach. Sa bhliain 2003, áfach, tógadh Spuaic Bhaile Átha Cliath, nó an Túr Solais mar a thugtar uirthi go hoifigiúil, ansin freisin. Is éard atá ann ná struchtúr féintacaithe ar dhéanamh snáthaide, agus é déanta as cruach dhomheirgithe. Tá an Spuaic céad is fiche méadar, nó trí chéad trí méadair dhéag is ceithre scór, ar airde.

Is minic a bhí imeachtaí tábhachtacha i stair na hÉireann ag titim amach tímpeall ar Shráid Uí Chonaill, agus is ansin atá an chuid is mó de na saothair phoiblí ealaíne le feiceáil fosta. Ansin a thagadh an lucht oibre le chéile le cluas a thabhairt d'óráidíocht Shéamuis Mhóir Uí Lorcáin le linn an Fhrithdhúnta Mhóir, ansin a bhí troid á cur le linn Éirí Amach na Cásca agus Chogadh na gCarad féin, agus ansin a scrios iar-Óglaigh de chuid an IRA Colún Nelson sa bhliain 1966. Is iomaí mórshiúl a chuaigh an bealach seo i rith na mblianta, ag ceiliúradh féilte nó ag agóidíocht in aghaidh mícheart éigin, agus beidh tuilleadh den dá chuid le feiceáil ansin amach anseo, gan aon agó. Is iomaí sochraid stáit a tháinig thar bráid fosta agus iad ag dul i dtreo Reilig Ghlas Naíon, áit a bhfuil laochra na hÉireann adhlactha. Ar Shráid Uí Chonaill a fheictear paráid Lá Fhéile Pádraig gach bliain, chomh maith le lucht ceiliúrtha Éirí Amach na bliana 1916, Domhnach na Cásca. Bealach tábhachtach bustráchta í chomh maith trí lár na cathrach.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Anraí Ó Mórdha (Henry Moore), Tiarna Dhroichead Átha, a ghearr an chéad bhealach ba bhun le Sráid Uí Chonaill thiar sa tseachtú haois déag. Sráid Dhroichead Átha a bhí ar an mbealach sin, agus ní raibh ann ach cúngshráid, nó tá Sráid Uí Chonaill trí oiread chomh leathan le Sráid Dhroichead Átha. Shroich sí ó Shráid Parnell go hacomhal Shráid na Mainistreach, de réir shráidainmneacha an lae inniu. Sna 1740idí, tháinig Luke Gardiner, baincéir saibhir a bhí ag amhantraíocht le tailte, tháinig sé i seilbh uachtar Shráid Dhroichead Átha a fhad le Sráid Anraí mar chuid de mhórcheannach tailte. Threascair sé na tithe ar an taobh thiar de Shráid Dhroichead Átha, ionas go ndeachaigh an tsráid i leithne, agus mar sin, chruthaigh sé an tsráid spásúil fhairsing is aithnid do mhuintir na cathrach inniu. Thóg sé tithe dhá bhá ansin a bhí ceaptha do lucht trádála, chomh maith le tithe trí bhá níos faide ó thuaidh. Ar an taobh thoir bhí a lán tithe móra maisiúla, agus ba é Teach Dhroichead Átha an ceann ba mhaisiúla acu, an teach a bhí ar cíos ag Charles Moore, séú Tiarna Dhroichead Átha.

Ba é Gardiner a leag amach bealach coisíochta, nó meala (mall), i lár na sráide freisin. Thóg sé ballaí ísle eibhir ar gach taobh den chosán seo, chomh maith le hoibiliscí a raibh gloiní lampaí ola orthu le solas a chaitheamh ar an tsráid. Cuireadh crainn ansin freisin na blianta beaga i ndiaidh thógáil an mheala. Bhaist Gardiner Sráid Sackville ar an tsráid, ainm a thagair do Lionel Cranfield Sackville, a bhí ina Fhear Ionaid ag Rí Shasana in Éirinn san am. Tógadh Ospidéal an Rotunda in aice le Sráid Sackville, ach ní raibh sé ar aon ais leis an tsráid, nó níor le muintir Gardiner na tailte ar ar tógadh é, ná tionchar acu ar an dóigh ar forbraíodh é. Tá an tOspidéal suite ag deireadh Chearnóg Parnell (nó Cearnóg Rutland, mar a thugtaí uirthi i ré na cumhachta Gallda), agus ba iad muintir Gardiner a d'fhorbair an chearnóg sin freisin.

Ba é plean Luke Gardiner fad a chur leis an tsráid nua seo go dtí go sroichfeadh sí an Life, ach ní raibh d'am aige an plean seo a chomhlíonadh, tharla go bhfuair sé bás sa bhliain 1755. Lena mhac Charles Gardiner a thit a eastát. Sa bhliain 1777, áfach, fuair Coimisiún na Sráideanna Leathna, is é sin, coimisiún pleanála na cathrach san am, - fuair an Coimisiún seo deontas ón bparlaimint, agus ansin chrom sé ar sheanphlean Gardiner a chur i gcrích. Thóg sé deich mbliana ar an gCoimisiún na seantithe a leagan, an bóthar nua a réiteach agus na sraitheanna nua tithe a rhógáil, ach nuair a bhí an obair críochnaithe, bhí Sráid Sackville ar ceann de na sráideanna ab áille san Eoraip.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]