Jump to content

An Túr Solais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Saothar EalaíneAn Túr Solais
Spire of Dublin (anglès) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálleacht cuimhneacháin agus dealbh
Dáta a bunaíodh21 Eanáir 2003
Coimisiúnta agComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Dáta na hoscailte oifigiúla21 Eanáir 2003
Déanta ascruach Cuir in eagar ar Wikidata
Méid121.2 (airde) m
Suíomh
Bailiúchán
BardasachtBaile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 20′ 59″ N, 6° 15′ 37″ O / 53.3497°N,6.2603°W / 53.3497; -6.2603

Is túr caol agus ard a sheasann i lár Bhaile Átha Cliath é Spuaic Bhaile Átha Cliath[1]An Túr Solais mar a ghlaoitear air go hoifigiúil. Tá sé ina sheasamh ar Shráid Uí Chonaill i gcroílár na cathrach, san áit ina raibh Colún Nelson go dtí an bhliain 1966. Tá an Túr 121.2 méadar ar airde agus críochnaíodh é i mí Eanáir, 2003.

Radharc ó Shráid Uí Chonaill

Bhí colún Nelson suite ar an láthair ina bhfuil an Túr Solais, ach in 1966 tharla pléascán de chuid an IRA a scrios an colún. In 1988 cuireadh scairdeán ar an láthair le dealbh sa lár darb ainm Anna Livia, ainmnithe as carachtar de chuid James Joyce atá ina phearsantú d’Abhainn na Life.[2]

Fógraíodh in 1998 go raibh an Chomhairle Cathrach chun comórtas a reáchtáil chun  dearadh deilbhe a roghnú a chuirfeadh Sráid Uí Chonaill chun cinn. Bhí Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Joe Doyle, ina chathaoirleach ar choiste an chomórtais, agus glacadh leis an Túr Solais.

Bogadh an dealbh seo go suíomh eile in 2001 chun spás a dhéanamh don túr solais. Bhí an Spuaic le bheith críochnaithe don mhílaois, ach de bharr cur i gcoinne a chuaigh chun na hardchúirte ní raibh an Spuaic críochnaithe go 2003.

Bhí costas 4.6 milliún ar an Túr agus bhí muintir na hardchathrach idir dhá chomhairle faoi. Tá roinnt ainmneacha greannmhara ag muintir Bhaile Átha Cliath don Túr agus tá sé ann le fanacht lena leas nó lena aimhleas.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Béarla: Spire of DublinMonument of Light
  2. 2.0 2.1 Domhnall Mac Concharraige (2025-12-19). "Léamhthuiscint: An Túr Solais" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-12-23.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]