Cruach (miotal)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
alt úll agus cuas

An príomhchóimhiotal iarainn is ea cruach[1]. Iarann atá ann, cruaite le codán an-bheag carbóin.

Téarmaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ionann an chruach agus cóimhiotal iarainn a bhfuil ábhairín beag carbóin (timpeall ar 0.2 - 1.7 %) ann. Tabhair faoi deara gurb ionann ainmníoch agus ginideach an fhocail Ghaeilge de réir an chaighdeáin oifigiúil: an chruach, na cruach. Úsáidtear an fhoirm cruaidh (an chruaidh, na cruadhach) i gcanúintí áirithe freisin.

Droichead cruach

Úsáid[cuir in eagar | athraigh foinse]

'Sé an t-ábhar miotalach is mó úsáide ar fad. Dhéantaí méid beag di in allód trí iarann múnla a théamh chun an méid carbóin sa chiseal dromchlach a laghdú. Níos déanaí, dhéantaí í i soithigh leáite chun uirlisí a dhéanamh.

Is é an tionchar a imríonn an carbón ar an iarann ná na hadaimh a choinneáil le chéile níos daingne, ionas nach féidir iad a asáitiú chomh furasta. Cuireann sin leis an teacht aniar atá sa chruach, i gcomparáid leis an ngnáthiarann.

Cé gurb é an carbón, go bunúsach, a dhéanann cruach den iarann, is minic a chuirtear cóimhiotail éagsúla eile leis an iarann le cineálacha speisialta cruach a tháirgeadh: mangainéis, vanaidiam, cróimiam, agus tungstan, cuir i gcás.

Ráille iarnróid as cruach

Is cruach shimplí carbóin an chuid is mó den chruach a dhéantar, ach uaireanta déantar cruach ar leith trí mhiotail éagsúla a chur leis: mar shampla, cruach ardchóimhiotail i gcomhair uirlisí, agus cruach dhomheirgthe le nicil is cróimiam ann.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tosaíodh ar dhéanamh cruach sa tSín roimh an 6ú céad.

Bhí na daoine ábalta cruach a tháirgeadh ó laethanta an Renaissance anuas, ach níor éirigh sí coitianta roimh lár na naoú haoise déag, nuair a tháinig próiseas Bessemer agus tiontaire Bessemer ar an bhfód.

B'iad an t-innealtóir Sasanach, Henry Bessemer, agus an miotalóir Meiriceánach, William Kelly, a tháinig ar an smaoineamh faoin am céanna beag beann ar a chéile. Thosaigh a táirgeadh ar mhórscála san iarthar i 1856 le próiseas Bessemer.

Bhí an próiseas in úsáid taobh amuigh den Eoraip leis na céadta bliain anuas, le fírinne, ach níor rith le haon duine roimh Kelly agus Bessemer é a chur i bhfeidhm ar an mórscála sa tionsclaíocht.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)