Mangainéis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachMangainéis

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Mangainéis sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachMn
Uimhir adamhach25
Mais adamhach54.938043
Cumraíocht leictreon[Ar] 3d⁵ 4s²
Peiriad, Grúpapeiread 4
Dúil Ghrúpa 7
Airíonna fisiceacha
Dlús7.2 kg/m⁻³
Leáphointe2,271 agus 1,243
Fiuchphointe3,564 agus 1,961
Leictridhiúltacht1.55
Ga ianach0.66, 0.83, 0.96, 0.58, 0.39, 0.53, 0.33, 0.26 agus 0.25
Stair
AimsitheoirJohan Gottlieb Gahn
Fionnachtain1774
EapainmMagnesia Prefecture (en) Aistrigh

Is í an mhangainéis dúil cheimiceach a 25, agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann di ná Mn. Faightear ina dúil sa dúlra í, ach tá go leor mianraí mangainéise ann chomh maith. Riandúil thábhachtach í, is é sin, bíonn beagáinín mangainéise de dhíth ar an gcuid is mó de na horgánaigh bheo, ach san am chéanna, is féidir le barraíocht mangainéise dochar a dhéanamh dóibh.

Miotal crua sobhriste í an mhangainéis agus é ag breathnú cosúil leis an iarann. Tá an mhangainéis agus cuid dá comhdhúile paramhaighnéadach, is é sin, ní féidir buanmhaighnéad a dhéanamh den mhangainéis, ach má chuirtear réimse maighnéadach i bhfeidhm uirthi ón taobh amuigh, beidh sí ag freagairt an mhaighnéadais, ionas go n-aomfaidh an maighnéad í.

Bíonn an mhangainéis ag flúirsiú i screamh an Domhain, agus í ar an dara dúil déag is coitianta ansin. Mianraí tábhachtacha mangainéise iad an phirealúisít (an phoiliainít), arb ionann í agus dé-ocsaíd na mangainéise, an bhrabhainít (cineál sileacáite), an silimeileán (ocsaídí éagsúla mangainéise in éineacht le potaisiam agus bairiam) agus an ródacróisít (carbónáit na mangainéise).

Níl ach aon iseatóp amháin le fáil sa dúlra, Mn-55, agus is é an t-aon iseatóp amháin atá cobhsaí. Tá an raidiseatóp úd Mn-53 sách fadsaolach (beagnach ceithre mhilliún bliain ar leathré), ach is iseatóp saorga é.

Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí atá ag an mangainéis ná +2, +3, +4, +6 agus +7. Is iad na comhdhúile is cobhsaí na cinn ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin úd +2 ag an mangainéis, agus bíonn na comhdhúile seo dearg (an ródacróisít mar shampla, MnCO3) nó pinc. Le fírinne, bíonn dathanna na gcomhdhúl chomh láidir sin is gur féidir úsáid an dathlí a bhaint as cuid acu. Is é +2 staid ocsaídiúcháin na mangainéise in orgánach an duine freisin, agus mar sin, ní bhíonn na comhdhúile seo chomh nimhiúil agus na comhdhúile eile.

Comhdhúile tábhachtacha iad an dé-ocsaíd MnO2 agus na sármhanganáití freisin, cosúil le sármhanganáit an photaisiam, KMnO4. Ocsaídeoir láidir í an tsármhanganáit photaisiam, agus is iomaí cineál úsáid a bhaintear aisti dá réir: bhí sí tábhachtach i ndíghalrú an uisce tráth, agus is féidir na baictéir a mharú in othrais athlasta léi freisin. Thairis sin, is ceimiceán agus imoibrí tábhachtach saotharlainne í.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]