Próiseas Bessemer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
The Iron and steel magazine (1898)

Próiseas coigilteach chun muciarann (iarann le toilleadh mór carbóin, díreach ón bhfoirnéis soinneáin) a thiontú ina chruach (cóimhiotal iarainn le toilleadh beag carbóin) is ea an Próiseas Bessemer[1] .

Séidtear aer tríd an muciarann leáite, cuingríonn an ocsaigin san aer le carbón ón gcóimhiotal le dé-ocsaíd charbóin a dhéanamh, agus sceitheann an dé-ocsaíd charbóin san atmaisféar. Gineann an t-imoibriú seo tuilleadh teasa a choinníonn an cóimhiotal leáite.

Ba phróiseas i bhfad níos coigiltí é ná an próiseas teallaigh oscailte a bhí in úsáid roimhe sin. Bhí an prionsabal ar eolas ag na Sínigh is na Seapánaigh faoin 17ú céad, agus máistir ceartá iarainn, William Kelly (1811-1888), sna Stáit Aontaithe i 1846, ach thug Henry Bessemer an próiseas isteach go rathúil sa Bhreatain ar bhonn trádálach i 1856 agus ainmníodh as é.

Mar thoradh ar an bpróiseas tábhachtach seo, cuireadh cruach ar fáil go forleathan, agus d'eascair an-chuid próiseas nua tionsclaíochta a d'athraigh an domhan ó bhonn.

Greanadh c.1861.

Mar shampla, tógáil ilstórach, tógáil droichead le cruach is coincréit atá treisithe le barraí cruach, déanamh bóithre treisithe, déanamh inneall, agus de réir a chéile, gluaisteán is a lán lán eile.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tosaíodh ar dhéanamh cruach sa tSín roimh an 6ú céad, agus thosaigh a táirgeadh ar mhórscála san iarthar i 1856 le próiseas Bessemer.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  2. Hussey, Matt (2011). "Próiseas Bessemer". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 72.