Dé-ocsaíd charbóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachDé-ocsaíd charbóin
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach43.99 Da
Fionnachtaí nó aireagóirJan Baptist van Helmont, Joseph Black agus Joseph Priestley
Tacsón ina n-aimsítear é
Rólsoitheachleathóir, leasaitheach, oibreán éiritheach, cuisneán, gás ceaptha teasa agus príomh-mheitibilít
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachCO₂
SMILES canónta
Model 2D
C(=O)=O
InChIModel 3D
Airí
Dlús1.9768 g/m³ (a 0 °C, gás)
925 g/m³ (a 0 °C, leacht)
1,560 g/m³ (a −78.5 °C, solad) Cuir in eagar ar Wikidata
Luas forleata fuaime259 m/s (0 °C, gás) Cuir in eagar ar Wikidata
Tuaslagthacht0.2 g/100 g (uisce, 25 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach0 D
Teocht néalúchán−78.5 °C, −78 °C agus −78.4 °C
Eantrópach mólarach caighdeánach213.7 J/(mol K)
Móimint leictreach dhépholach0 D
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe394 kJ/mol
Eantalpacht mólarach de ghalú16.7 kJ/mol
Galbhrú56.5 atm (a 20 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Guais
Meánteorainn nochta ualaithe ama9,000 mg/m³ (10 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá) Cuir in eagar ar Wikidata
Short-term exposure limit (en) Aistrigh54,000 mg/m³ (luach ar iarraidh) Cuir in eagar ar Wikidata
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte72,000 mg/m³
Global warming potential (en) Aistrigh1
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () Cuir in eagar ar Wikidata
CO2 - móilín na dé-ocsaíde carbóin. Tá na hadaimh go léir suite ar aon líne. Is iad na hadaimh ocsaigine a tharraingíonn na leictreoin chucu, ó tá an ocsaigin níos leictridhiúltaí ná an carbón, ach ní móilín dépholach é.

Is comhdhúil cheimiceach í an dé-ocsaíd charbóin (foirmle cheimiceach: CO2) atá comhdhéanta as dhá adamh ocsaigine atá ceangailte d'aon adamh carbóin amháin le naisc chomhfhiúsacha dhúbailte.

Gás atá ann le teocht agus brú an tseomra, agus céatadán beag den ghás seo le fáil in atmaisféar an Domhain. Toradh dóiteáin do na comhdhúile carbóin í an dé-ocsaíd charbóin, agus mar sin, is toradh í do ríospráid cheallach na n-ainmhithe, na bplandaí, na bhfungas agus na miocrorgánach eile. Ón taobh eile de, baineann na plandaí úsáid an amhábhair as an dé-ocsaíd charbóin san fhótaisintéis, agus iad á claochlú go comhdhúile casta bithcheimiceacha.

Boilgeoga CO2 i ndeoch bhog

Ní féidir leis an dé-ocsaíd charbóin leacht a dhéanamh le brú atá níos ísle ná 5.1 atm. Sin é an tuige go dtugtar "oighear tirim" ar an dé-ocsaíd charbóin sholadach. Is é -78 °C an pointe deasctha agus néalaithe - is é sin, deascfaidh an gás go solad faoin teocht seo, agus néalóidh an solad go gás os cionn an phointe seo.


Struchtúr criostalach an oighir thirim

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]