Teallach oscailte
Jump to navigation
Jump to search
Modh déantúsaíochta cruach a leag William Siemens (1823-1883) amach don chéad uair i 1860 agus a chuir Pierre-Émile Martin (1824-1915) i bhfeidhm go rathúil i 1864. Ní bhíonn an garbhiarann leáite i dteagmháil in aon chor leis an mbreosla a sholáthraíonn an teas, ach amháin leis na lasracha ón dó, a imríonn ar theallach éadomhain a choinníonn garbhiarann, seaniarann is flosc. Is féidir an chruach a tharraingt amach as go leanúnach. Feidhmíonn sé le hiarann ó mhianaigh, rud nach féidir a dhéanamh le próiseas Bessemer.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |