Pierre-Émile Martin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Miotaleolaí a rugadh i mBourges na Fraince ab ea Pierre-Émile Martin (18 Lúnasa 182423 Bealtaine 1915). Agus é ag obair i dteilgcheárta cruach a athar, shaothraigh sé bealach nua le cruach a tháirgeadh i bhfoirnéis teallaigh oscailte, ag baint feidhm as próiseas athghiniúna teasa a thug comhlacht Siemens isteach. Bhuaigh táirgí phróiseas seo Siemens-Martin an bonn óir ag Taispeántas Pháras i 1867. Ina dhiaidh sin, bhí an fhoirnéis teallaigh oscailte ar phríomhfhoinse cruach an Domhain.