An Fhoirnéis
Ainm Laidine (IAU) | Fornax |
---|---|
Nod | For |
Ginideach Laidine | Fornacis |
Siombalaíocht | Foirnéis |
Dronairde | 3 h |
Diallas | −30° |
Achar | 398 céim cearnach Céim 41ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 0 |
Réalta is gile | α For (méid 3.87) |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +50° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Nollaig an infheictheacht is fearr |
Réaltbhuíon dheisceartach is ea an Fhoirnéis, a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751-52. Fornax Chemica a thug sé uirthi mar ainm Laidine – rud a chiallaíonn "foirnéis cheimiceach" – ach giorraíodh an t-ainm seo idir sin is tráthas. Fornax an t-ainm Laidine a thugtar uirthi sa lá atá inniu ann.
Príomhghnéithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Réada suntasacha domhainspéire
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Braisle Fornax: tá an ollbhraisle réaltraí í seo suite go mór mór ar an réaltbhuíon seo.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh réaltbhuíon na Foirnéise. Chaith Lacaille na blianta 1751 agus 1752 san Afraic Theas agus é ag clárú réaltaí an leathsféir theas. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain 1756 ach ní raibh ann ach plánaisféar agus é sa teanga Fraincise. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain 1763, bliain amháin tar éis bhás Lacaille. Coelum Australe Stelliferum an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an Laidin, agus chuir sé trí réaltbhuíon na Cíle, na Seolta agus Dheireadh na Loinge in áit Argo Navis (nó Le Navire, mar a thug sé air sa chéad eagrán).
Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an Fhoirnéis ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá atá inniu ann glacann an an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.
Le Fourneau an t-ainm Fraincise a thug Lacaille ar an réaltbhuíon seo ar dtús, rud a chiallaíonn an Fhoirnéis. Fornax Chimiae an t-ainm Laidine a thugtar uirthi ar an bplánaisféar a tháinig amach sa bhliain 1763, rud a chiallaíonn Foirnéis an Cheimiceora. Sa bhliain 1763 d'aistrigh Johann Bode an t-ainm go Apparatus Chemica, nó an Gléas Ceimiceach. Sa lá atá inniu ann tugtar Fornax ar an réaltbhuíon seo.
Miotaseolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ós rud é nár cruthaíodh réaltbhuíon na Foirnéise go dtí an 18ú haois, níl aon bhaint aici le miotaseolaíocht an tSeansaoil. Lena chois sin, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an réaltbhuíon seo ós rud é gur scoir Lacaille den thraidisiún sin ar dá réir a d'ainmnítí na réaltbhuíonta as carachtair mhiotaseolaíocha; ina áit sin roghnaigh sé go formhór ainmneacha uirlisí a úsáidtear sna heolaíochtaí.
Réaltaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach fosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Yale Bright Star Catalog
- an Fhoirnéis ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-11-18 ar an Wayback Machine
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an Fhoirnéis agus miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-06-14 ar an Wayback Machine
- an Fhoirnéis ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Fhoirnéis Curtha i gcartlann 2006-06-15 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Fhoirnéis
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752 |
an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp |