An Abhainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Abhainn
an Abhainn
an Abhainn
Ainm Laidine (IAU)Eridanus
NodEri
Ginideach LaidineEridani
Siombalaíochtan abhainn
Dronairde3.25 h
Diallas-29°
Achar1138 céim cearnach
Céim 6ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
4
Réalta is gileAchernar (α Eri)
(méid 0.50)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +32° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Nollaig an infheictheacht is fearr

an Abhainn (Eridanus as Laidin) ar an séú réaltbhuíon is mó de na 88 réaltbhuíon a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo. Bhí sé freisin ar cheann de na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes. Tá an réaltbhuíon seo suite ar an leathsféar neamhaí theas.


Príomhghnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • α Eri, dá ngairtear freisin Achernar: tá sé ar amharcmhéid 0.50 agus is é B3 Vpe a aicme speictreach. Is réalta an-aisteach é Achernar: tá sé ar cheann de na réaltaí is leacaithe sa spéir. Is cosúil go bhfuil trastomhas a mheánchiorcail 50% níos mó ná a thrastomhas polach. Is é is cúis leis seo ná go bhfuil Achernar ag casadh go han-tapaidh.
  • β Eri (Cursa): A3 III a aicme speictreach agus soilsíonn sé le gile dhealraitheach ar méid 2.79v.
  • ο2 Eri (Keid): is tríréalta shuntasach é seo. Tá an príomhréalta ar méid 4.43 agus ar aicme speictreach G9. Is abhac bán é an dara comhbhaill, ar méid 9.52, agus is bladhmréalta an tríú comhbhaill, ar méid 11.17.


Réada suntasacha domhainspéire[cuir in eagar | athraigh foinse]


Miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá baint speisialta ag an Abhainn le dhá mhiotas na Gréige, agus is dócha go mbaineann an dá cheann acu le cruth na réaltbhuíne seo (.i. slí an-chasta). Uaireanta d'fheictí ar Eridanus mar abhainn a rith as uiscí an Uisceadóra; sa chás seo, caithfidh go samhlaítear an tUisceadóir agus é ag tabhairt a aghaidhe ar an Abhainn, rud nach féidir a dhéanamh gan dealramh an Uisceadóra a athchum i gcaoi go scairdeann an t-uisce amach ar an taobh céanna den Abhainn.

Go coitianta baineann réaltbhuíon na Abhann le miotas Faetón, mac Héilias (.i. na Gréine), a bhain triail as carbad a athar a thiomáint lá amháin, ach ní raibh an méid sin nirt aige na capaill a smachtú, agus sciurd an carbad i ngach treo. Deireadh an scéil ná gur tháinig an carbad ró-ghar don domhan; chlaochlaíodh ranna den domhain go gaineamhlach agus dódh craiceann na daoine a bhí ina gcónaí sna ranna úd (agus is é sin is cúis le craiceann gorm na nAetóipeach, de réir na seanghréagach). Chuir Séas isteach ag an bpointe seo; leag sé Faetón marbh le saighneán, agus thit sé isteach in abhainn Pó san Iodáil.

Ar dtús ionannaíodh an réaltbhuíon leis an slí a bhreac Faetón ar an spéir, ach ina dhiaidh sin chonacthas uirthi mar an abhainn ar thit Faetón isteach inti.

Réaltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
  • α Eri 0.45 Achernar < آخر النهر Ākhir al-Nahr = Críoch na hAbhann
  • 67/β Eri 2.78 Cursa [Kursa] nó Dhalim
  • 34/γ Eri 2.97 Zaurak [Zaurac, Zaurack] < زورق zawraq = Bád
  • 23/δ Eri 3.52 Rana
  • 13/ζ Eri 4.80 Zibal < ? = an Ostrais
  • 3/η Eri 3.89 Azha (?) ainm truaillithe ó Pheirsis آشيانه āšiyāne = Nead na hOstraise
  • θ Eri Acamar – dúbailte 3.89, 4.35 < آخر النهر ākhir an-nahr = Críoch na hAbhann [ainmníodh é sular cuireadh Achernar san áireamh], agus truaillíodh rn go m.
  • ο Eri
    • 38/ο¹ Eri 4.04 Beid < بيض baiđ̧ = Ubh (na hOstraise)
    • 40/ο² Eri Keid [Kied] – tríréalta 4.43, 9.5; i measc na réaltaí is gaire < ? al-qayd = Blaoscanna (na hUibhe)
  • 2/τ² Eri 4.76 Angetenar [Al Anchat, Anchenet, Hinayat (al Nahr)] < عوجة النهر cawjat[u] an-nahr = Cam na hAbhann
  • υ Eri
  • 53/l Eri 3.86 Sceptrum, mar ba é seo an réalta is gile ar Sceptrum Brandenburgicum, réaltbhuíon caillte.
Réaltaí a bhfuil ainmnithe Bayer orthu:
α Eri 0.45; 67/β Eri 2.78; 34/γ Eri 2.97; 23/δ Eri 3.52; 18/ε Eri 3.72; 13/ζ Eri 4.80; 3/η Eri 3.89; θ1 Eri 3.89; θ2 Eri 4.35; ι Eri 4.11; κ Eri 4.24; 69/λ Eri 4.25; 57/μ Eri 4.01; 48/ν Eri 3.93; 42/ξ Eri 5.17; 38/ο¹ Eri 4.04; 40/ο² Eri 4.43; 26/π Eri 4.43; 8/ρ1 Eri 5.75; 9/ρ2 Eri 5.32; 10/ρ3 Eri 5.26; 1/τ1 Eri 4.47; 2/τ2 Eri 4.76; 11/τ3 Eri 4.08; 16/τ4 Eri 3.70; 19/τ5 Eri 4.26; 27/τ6 Eri 4.22; 28/τ7 Eri 5.24; 33/τ8 Eri 4.64; 36/τ9 Eri 4.62; 50/υ¹ Eri 4.49; 52/υ² Eri 3.82; 41/υ4 Eri 3.55; φ Eri 3.56; χ Eri 3.69; 65/ψ Eri 4.80; 61/ω Eri 4.36; 62/b Eri 5.50; 51/c Eri 5.22; 43/d Eri – dúbailte 3.97, 5.85; 82/e Eri 4.26; f Eri – dúbailte: 4.30, 4.73; g Eri 4.17; h Eri 4.59; i Eri 5.11; p Eri – dúbailte 5.76, 5.76; q1 Eri 5.52; q2 Eri 5.04; 17/v Eri 4.74; 32/w Eri – dúbailte: 4.79, 6.14; y Eri 4.57
Réaltaí a bhfuil ainmnithe Flamsteed orthu:
1/τ1 Eri 4.47; 2/τ2 Eri 4.76; 3/η Eri 3.89; 4 Eri 5.44; 5 Eri 5.56; 6 Eri 5.82; 7 Eri 6.11; 8/ρ1 Eri 5.75; 9/ρ2 Eri 5.32; 10/ρ3 Eri 5.26; 11/τ3 Eri 4.08; 13/ζ Eri 4.80; 14 Eri 6.14; 15 Eri 4.86; 16/τ4 Eri 3.70; 17/v Eri 4.73; 18/ε Eri 3.72; 19/τ5 Eri 4.26; 20 Eri 5.24; 21 Eri 5.97; 22 Eri 5.53; 23/δ Eri 3.52; 24 Eri 5.24; 25 Eri 5.56; 26/π Eri 4.43; 27/τ6 Eri 4.22; 28/τ7 Eri 5.24; 29 Eri 7.10; 30 Eri 5.48; 32/w Eri – dúbailte: 4.79,  6.14; 33/τ8 Eri 4.64; 34/γ Eri 2.97; 35 Eri 5.28; 36/τ9 Eri 4.62; 37 Eri 5.44; 38/ο¹ Eri 4.04; 39/39 Eri 4.87; 40/ο² Eri 4.43; 41/υ4 Eri 3.55; 42/ξ Eri 5.17; 43/d Eri  3.96; 44 Eri 5.53; 45 Eri 4.91; 46 Eri 5.71; 47 Eri 5.20; 48/ν Eri 3.93; 49 Eri 5.32; 50/υ¹ Eri 4.49; 51/c Eri 5.23; 52/υ² Eri 3.82; 53/l Eri 3.86; 54 Eri 4.32; 55 Eri 5.98; 56 Eri 5.78; 57/μ Eri 4.01; 58 Eri 5.49; 59 Eri 5.76; 60 Eri 5.03; 61/ω Eri 4.36; 62/b Eri 5.50; 63 Eri 5.39; 64/S Eri 4.74; 65/ψ Eri 4.80; 66 Eri 5.12; 67/β Eri 2.78; 68 Eri 5.11; 69/λ Eri 4.25; 82/e Eri 4.26
Réaltaí suntasacha eile:

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtreacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.



Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir