Peirséas (réaltbhuíon)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Peirséas (réaltbhuíon)
Peirséas
Peirséas
Ainm Laidine (IAU)Perseus
NodPer
Ginideach LaidinePersei
SiombalaíochtPeirséas
Dronairde3 h
Diallas45°
Achar615 céim cearnach
Céim 24ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
5
Réalta is gileMirphak (α Persei)
(méid 1.79)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −35°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Nollaig an infheictheacht is fearr

Is réaltbhuíon thuaisceartach í Peirséas atá ainmnithe as laoch na Gréige a mharaigh Meidiúsa. Is ceann de na 48 réaltbhuíon de chuid Tholamaes í agus is ceann í freisin de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo. Tá an réalta athraitheach cháiliúil dá ngairtear Algol (β Per) le feiceáil ar an réaltbhuíon seo. Agus tá radaí dhreigechith na bPeirsidí suite ar an réaltbhuíon seo chomh maith.

Príomhghnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo iad a leanas cúpla réalta dá cuid:

  • α Per: tá Mirphak ar an réalt is gile ar réaltbhuión Pheirséis; tugtar Algenib uirthi chomh maith (ainm a thugtar ar chúpla réalt eile freisin, mar shampla γ Pegasi). Is ollfhathach í Mirphak (an focal Araibise ar uillinn) ar aicme speictreach F5 Ib agus ar méid dhealraitheach 1.79; tá sí lonnaithe amuigh is istigh 590 solasbhliain i bhfad i gcéin. Tá sí 5,000 uair chomh lonrúil leis an nGrian s’againne, agus tá a trastomhas 62 uair chomh mór le trastomhas na Gréine.
  • Algol (β Per): Cé nach bhfuil an réalta seo ar an réalt is gile de chuid Pheirséis, tá sí ar an réalt is cáiliúla gan amhras. Léiríonn Algol (ón bhfocal Araibise al-Ghul, a chiallaíonn an Gúlan Deamhan) súil na gorgaine Meidiúsa. Aithnítear an réalta seo mar fhréamhshamhail don ghrúpa iomlán réaltaí athraitheacha uraitheacha. Comhathraíonn a gile dhealraitheach idir 2.12 agus 3.39 laistigh de thréimhse 2.867 lá. Tá sí ar aicme speictreach B8 V agus tá sí 93 solasbhliain i bhfad i gcéin.

Réada suntasacha domhainspéire[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • NGC 869 agus NGC 884 (h agus χ Per): tá an dá réaltbhraisle oscailte seo ar na réada is áille atá le feiceáil ar spéir na hoíche trí dhéshúiligh nó theileascóip bheaga. An Réaltbhraisle Dhúbailte i bPeirséas a thugtar orthu, nó Dorn an Chlaímh. Tá an dá chuid le chéile suite níos mó ná 7,000 solasbhliain i bhfad i gcéin, agus tá cúpla céad solasbhliain idir an dá cheann.
  • M34: tá an réaltbhraisle oscailte seo, atá ar méid chomhtháite 5.5, suite amuigh is istigh 1,400 solasbhliain i bhfad uainn; tá timpeall is céad réalta le feiceáil, agus iad scaipthe ar fhairsinge atá níos mó ná achar na gealaí láine. 14 solasbhliain, nó mar sin, a trastomhas iarbhír. Is féidir M 34 a thaifeach fiú amháin trí dhéshúiligh mhaithe, ach is fearr í a bhreathnú trí theileascóp ar fhormhéaduithe ísle.


Stair is miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear Peirséas na miotaseolaíochta mar laoch i gceann de na miotais is cáiliúla de chuid na Sean-Ghréagacha. Má chuirtear san áireamh réaltaí níos doiléire ach infheicthe fós ag an tsúil fhornocht, léiríonn Peirséas fear agus rud cruinn ar iompar aige fad a láimhe uaidh. Timpeall na réaltbhuíne seo, feictear réaltbhuíonta eile a bhfuil baint éigin acu ó thaobh suímh agus crutha de le bunús roinnt de na miotais faoi Pheirséas: mar shampla Caiseoipé, Ceiféas, Peigeasas, Andraiméide agus an Míol Mór.

Mac leis an mbean so-mharaithe Danae agus an dia Séas ab ea Peirséas. Chuaigh sé ar lorg cinn na gorgaine Medusa mar bhronntanas pósta do Dictys, deartháir do PolydectesSeriphos. (Ní raibh ach seift sa lorg ó thaobh Dictys de, áfach.) Le cúnamh na ndéithe Heirméas agus Ataene, d'éirigh leis an ghorgain a mharú faoi dheireadh agus a ceann a bhreith leis. Ar a shlí abhaile dó, tharrtháil sé Andraiméide (iníon Cheiféis agus Chaiseoipé, a bhí ina rí agus ina banríon na hAetóipe) ó ollphéist mhara (.i. an Míol Mór). Le tuilleadh eolais faoi na miotas seo, féach Peirséas agus Maíomh Chaiseoipé.

Réaltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23567-X.



Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir