Peirsidí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochPeirsidí
Cineáldreigechith
Dáta fionnachtana36 "RCh"[1]
EapainmPeirséas
Réad tuismitheora109P/Swift-Tuttle
RéaltbhuíonPeirséas Cuir in eagar ar Wikidata
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Diallas (δ)58° 0′ 0″[2] Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid de109P/Swift-Tuttle Cuir in eagar ar Wikidata
Ag athrú Peirsidí

Mórchith dreigí is ea na Peirsidí, taispeántas iontach de réaltaí reatha (dreigí) a bhíonn le feiceáil sa spéir ar feadh seachtaine nó mar sin thart ar 12 Lúnasa gach bliain, an lá a thrasnaíonn an Domhan fithis na ndreigeoideach sin.

Feictear suas le 70 dreige in aghaidh na huaire. Bíonn an dealramh orthu go radaíonn siad amach as an réaltbhuíon Peirséas, agus ainmnítear iad as seo.

Le fírinne, níl ann ach go mbíonn siad sa treo céanna uainn le Peirséas, gan aon bhaint acu leis.

Baineann an cith seo le cóiméad Swift-Tuttle a fionnadh i 1862 is a tháinig an treo seo arís i 1992, agus is é atá sa chith smionagar clochach is gaineamhach in eireaball an chóiméid, atá ag taisteal i bhfithis an chóiméid.

Dreige ar mhéid gráinne gainimh a dhóitear go hiomlán ard san atmaisféar a bhíonn i réalta reatha amháin.[3]

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. URL tagartha: https://books.google.com/books?id=2FNfjWKBZx8C&pg=PA275. ISBN-13: 978-0-521-89935-2.
  2. URL tagartha: https://books.google.com/books?id=2FNfjWKBZx8C&pg=PA275. ISBN-13: 978-0521899352.
  3. Hussey, Matt (2011). "Peirsidí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 513.