An Leon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Leon
an Leon
an Leon
Ainm Laidine (IAU)Leo
NodLeo
Ginideach LaidineLeonis
Siombalaíochtan leon
Dronairde11 h
Diallas15°
Achar947 céim cearnach
Céim 12ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
3
Réalta is gileRegulus (α Leo)
(méid 1.4)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −65°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Aibreán an infheictheacht is fearr

Is réaltbhuíon an stoidiaca é an Leon, atá suite idir réaltbhuíon dhoiléir an Phortáin ar an taobh thiar de agus an Mhaighdean ar an taobh thoir de. Tugtar Leo mar ainm Laidine air, rud a chiallaíonn leon.

Príomhghnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear a lán réaltaí geala ar an réaltbhuíon, mar Regulus (α Leo), croí an Leoin; Denebola (β Leo); agus Algieba1 Leo). Is iomaí réalta eile níos doiléire a dtugtar ainmneacha áirithe orthu chomh maith, mar Zosma (δ Leo), Chort (θ Leo), Al Minliar al Asad (κ Leo), Alterf (λ Leo), agus Subra (ο Leo).

Sa chúig aois déag rinneadh réaltbhuíon aonair de sheanastaireacht a léiríodh roimhe sin stoth ruball an Leoin. Folt Bheirnicé a thugtar anois ar an réaltbhuíon sin.

  • Corrán an Leoin: comhdhéanann Regulus, η Leonis, Algieba, agus na réaltaí níos doiléire Adhafera (ζ Leo), Ras Elased Borealis (μ Leo), agus Ras Elased Australis (ε Leo), an astaireacht da ngairtear Corrán an Leoin. Léiríonn na réaltaí seo ceann agus moing an Leoin.

Réada suntasacha domhainspéire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iomaí réaltra gheal a fhaightear ar réaltbhuíon an Leoin. Ina measc siúd is iad an dá chúpla seo a leanas is cáiliúla:


Stair is miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir mhiotaseolaíocht na Gréige, d'ionannaití an réaltbhuíon seo leis an Leon Néiméach (agus b'fhéidir gurbh é ab fhoinse an scéil sin) ar mharaigh Earcail é agus é i mbun cinn den dá shaothar déag; ina dhiaidh sin aistríodh ar an spéir é. D'adhradh na Sean-Éigiptigh an Leon toisc go mbíodh an Ghrian ar an réaltbhuíon seo ar uair sceitheadh folláin na Níle.

Astralaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineann comhartha astralaíoch an Leoin (Iúil 23 - Lúnasa 22) leis an réaltbhuíon ata ar aon ainm leis.

De réir cosmeolaíochtaí áirithe, tá baint éigin ag an Leon le dúil chlasaiceach na Tine, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha na tine é (mar aon leis an Reithe agus an Saighdeoir). Tá an Leon ar cheann chomh maith de na ceithre chomhartha dhaingne (i dteannta an Tairbh, na Scairpe, agus an Uisceadóra).

Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Leon an croí agus an dromlach. Is é an tUisceadóir is frithchomhartha polach an Leoin, agus is í an Ghrian is pláinéad ceannasach leis. Dar ndóigh, is é an tsiombail atá ar an gcomhartha seo ná an leon féin.

I measc tréithe an Leoin áirítear: croíúlacht, nádúr eisdíritheach, iompar maorga, claonadh lena thuairimí féin a chur i gcéill go bagrach, agus anam flaithiúlach. Os a choinne sin, féadfaidh lucht an Leoin a bheith méaldrámatach, ag lorg aire dóibh féin, agus féinlárnach. Bíonn siad an-bhríomhar chomh maith.

Daoine cáiliúla ar rugadh faoi chomhartha an Leoin iad: Ben Affleck, Halle Berry, Raymond Chandler, Bill Clinton, Cecil B DeMille, Robert De Niro, Hulk Hogan, Whitney Houston, Mick Jagger, Stanley Kubrick, Jennifer Lopez, Madonna, Steve Martin, Herman Melville, Debra Messing, Benito Mussolini, Napóilean, Jacqueline Kennedy Onassis, Sean Penn,J K Rowling, Percy Bysshe Shelley, George Soros, agus Mae West.

Réaltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23567-X.


Réalteolaíocht | Réaltbhuíonta an Stoidiaca | Astralaíocht

an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc


Réalthbhuíonta a d'athraigh an réalteolaí Gearmánach Johann Bayer sa bhliain 1603 ar a léarscáil neamhaí Uranometria

an Ceinteár | roinnte mar seo: | an Ceinteár | an Chros
Iasc an Deiscirt | roinnte mar seo: | Iasc an Deiscirt | an Chorr
an Leon | roinnte mar seo: | an Leon | Folt Bheirnicé
an Saighdeoir | roinnte mar seo: | an Saighdeoir | Coróin an Deiscirt


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir