Glaotar "The Queen of Pop" uirthi sna meáin toisc fad agus rath a saol gairmiúil. D'eisigh sí a céad albam, Madonna, sa bhliain 1983 agus chuaigh sé chun barr na cairte chomh maith lena céad trí albam i ndiaidh sin.
Tá curiarracht bainte amach aici sa Guiness Book of Records toisc go bhfuil níos mó ceirníní díolta aici ná mar atá ag aon amhránaí eile ar domhan, le níos mó ná 350 mhilliún ceirníní díolta aici faoin am seo.
Go dtí 2014, bhí páirt aici i 22 scannán. Níor éirigh léi an rath céanna a bhaint amach san mheán seo agus a d'éirigh léi i gceol. Ach fós bhuaigh sí gradam Golden Globe dá cur i láthair in Evita, scannán faoi shaol Eva Perón.
Bhí sí pósta leis an aisteoir Sean Penn, ach scair siad sa bhliain 1989.
Bhí iníon aici, darbh ainm Lourdes, cheana féin lena traenálaí pearsanta, Carlos Leon, sa bhliain 1996.
Phós sí stiúrthóir scannáin Sasanach, Guy Ritchie sa bhliain 2000. Bhí mac acu le chéile darbh ainm Roco, i mí Lúnasa den bhliain chéanna.
Cruthaigh sí neart conspóide sa bhliain 2006 nuair a rinne sí iarracht páiste ón Mhaláiv, David Banda, a uchtú. Scair Madonna agus Guy óna chéile i 2008.
Is síolceoil é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Is síol faoin aisteoir / banaisteoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.