David Bowie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
David Bowie
David-Bowie Chicago 2002-08-08 photoby Adam-Bielawski-cropped.jpg
Saol
Ainm iomlánDavid Robert Jones
Eolas breitheBrixton, 8 Eanáir 1947
NáisiúntachtAn Ríocht Aontaithe
Teanga dhúchaisan Béarla
BásManhattan, 10 Eanáir 2016
Cúis bháistinneas foirceanta (ailse an ae)
Muintir
Céile/CéilíAngela Bowie  (Márta 19, 1970 -  Feabhra 8, 1980)
Iman  (Aibreán 24, 1992 -  Eanáir 10, 2016)
Páistí
Oideachas
Alma materRavensbourne University London (en) Aistrigh
Ravens Wood School (en) Aistrigh
City Literary Institute (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmpéintéir, amhránaí is scríbhneoir, giotáraí, sacsafónaí, cumadóir, aisteoir scannáin, léiritheoir ceirníní, cumadóir amhrán, aisteoir, amhránaí, pianódóir, mímeadóir, guthcheoltóir, monaróir, diamhraí, stiúrthóir físeán ceoil, léiritheoir scannáin agus bailitheoir ealaíne
Áit oibreNua-Eabhrac agus Beirlín
Saothar iomráiteachAll the Young Dudes (en) Aistrigh
Labyrinth (en) Aistrigh
Duaiseanna
Daoine le tionchar air/uirthiPink Floyd
BallraíochtTin Machine (en) Aistrigh
The Arnold Corns (en) Aistrigh
Gluaiseachtrac-ealaine
popcheol ealaine
rac glam
popcheol rac
nuathonn
blue-eyed soul
SloinnteDavid Bowie, Ziggy Stardust agus Thin White Duke
Gluaiseacht ealaínepopcheol
rac-cheol
rac glam
rac sícideileach
rac thurgnamhach
rac-ealaine
rac-cheol crua
popcheol rac
pop sícideileach
rac malartach
anamcheol
nuathonn
ceol timpeallach
snagcheol avant-garde
popcheol ealaine
rapáil
ceol leictreonach
Cineál guthabaratón
Uirlis cheoilsacsafón
giotár
pianó
ceol gutha
uirlis mhéarchláir
ARP 2500
méarchlár ceoil
foireann drumaí
Lipéad ceoilIso (record label)
Columbia
Decca Records
Deram Records
EMI
RCA
Virgin Records
RCA Records
Mercury Records
Bertelsmann Music Group
Parlophone
Rykodisc
Pye Records
Vocalion
IMDbnm0000309
davidbowie.com
Discogs ID10263 agus 1240431
Instagramdavidbowie
TwitterDavidBowieReal
TikTokdavidbowie
1983ː Camchuairt Serious Moonlight

Amhránaí, cumadóir amhrán, aisteoir agus léiritheoir feidhmiúcháin Sasanach ab ea David Bowie (8 Eanáir 1947 -10 Eanáir 2016). Is mórphearsa chultúir é i gcónaí. É féin a athchruthú de shíor, ba é sin misean is stampa David Bowie[1].

Bhí tionchar mhór ag a cheol agus ealaín stáitse ar an rac-cheol i rith na 1970idí agus ó shin. Cuimhneofar go speisialta air i mbun cantaireachta ar "Let's Dance", "Heroes" agus "Under Pressure", amhráin a chum sé féin,[2] chomh maith le Starman, Modern Love, Rebel, agus Life on Mars.

Féile Ruisrock, Turku, an Fhionnlainn 1997

Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dúradh faoi stíl luath cheoil David Bowie gur Rac Forásach nó Rac Péacach a bhí ann. De réir mar a athraíodh a stíl cheoil luadh a cheol i seánraí mar Nuathonn, Roc Ailtéarnach agus fiú Leictreonaice. Tá sin an-tábhachtach mar go léiríonn sé an dóigh a dtagann athrú gasta ar an cheol de bharr gnéithe teicneolaíochta, sóisialta agus cultúrtha.[3]

Bhí Space Oddity a chéad singil a chuaigh isteach sna cairteanna, eisithe ar 11 Iúil 1969.

  • I measc na bpearsan stáitse a chruthaigh sé bhí Ziggy Stardust agus Aladdin Sane.
  • Chuimsigh a chuid stíleanna ceoil sól plaisteach na Young Americans; ceol draíochta na n-uirlisí ag Low; pop glan Let's Dance.
  • Bhí léim sa dorchadas leis an albam deireanach dá chuid, Blackstar. Chuir sé an albam amach ar 7 Eanáir 2016, cúpla lá roimh a bhás.

Gnó[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith a shaol, dhíol Bowie tuairim is 140 milliún ceirníní ar fud [an domhan|an domhain]]. Mar shampla, sa Ríocht Aontaithe, bhronnadh naoi ndeimhniú platanam ar a chuid albaim (agus haon-déan ór). Chuaigh sé isteach sa Rock and Roll Hall of Fame i 1996.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

David Bowie, Féile Area2, Camchuairt Heathen, San Francisco, 2010

Ainm stáitse ab ea David Bowie agus rugadh é faoin ainm David Robert Jones. Rugadh Bowie sa bhliain 1947 i nDeisceart Londain (Brixton).

In Brixton, ar an taobh ó dheas de Londain, a rugadh David Robert Jones i 1947. D'fhás a shuim i gceol agus é mar pháiste. Bhunaigh sé a chéad bhanna ceoil nuair nach raibh sé ach cúig bliana déag.[4]

Dealbh in Aylesbury

Rinne sé staidéar ar ealaín. Thosaigh sé ag obair mar cheoltóir i 1963. D’athraigh sé a ainm ina dhiaidh sin go David Bowie agus bhain sé amach uimhir a haon sna cairteacha sa mBreatain i 1969 le Space Oddity. As sin chruthaigh sé Ziggy Stardust, stíl éagsúil shainiúil ag baint lena chuid ceoil i gcónaí agus tionchar dá réir aige ar cheoltóirí eile.

Tháinig deireadh lena thréimhse ar an bhóthar i ndiaidh na camchuairte "A Reality Tour", sa bhliain 2003, cé gur lean sé leis ag cumadh ceoil go deireadh a shaoil; a tháinig inné, 10 Eanáir, in aois 69.[5]

Seoladh Blackstar, an 25ú albam stiúideo leis ar 8 Eanáir 2016. Agus fuair Bowie bás de bharr ailse ar an 10ú Eanáir 2016.[6]

In Éirinn agus as Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó 1987, nuair a sheinn Bowie a chéad ghig i mBaile Shláine, Co. na Mí, ba mhinic é ar ais in Éirinn ag seinm i mBÁC, agus fiú i mBéal Feirste in 1995, nuair gur bheag ceoltóir mór le rá a bhí sásta seinm ar an taobh ó thuaidh den teorainn.[5]

In 2003, nuair sheinn Bowie in Éirinn den uair dheireanach, sa Phoint i mBÁ¢, cuimhneoidh sibh ar na focail “Tiocfaidh ár lá” a scread sé amach ag deireadh an amhráin ‘Rebel Rebel’.[7][5]

Bhí leaganacha Gaeilge de mhóramhráin David Bowie le cloisteáil ag ceolchoirm i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2016.[8] IMRAM a bhí i mbun ‘Réaltneach: Tionscadal David Bowie’ a cuireadh ar stáitse in Amharclann an Pavilion i nDún Laoghaire. An file Gabriel Rosenstock a d’aistrigh amhráin Bowie go Gaeilge agus Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow agus The Brad Pitt Light Orchestra a chuir na leaganacha nua i láthair.[9]

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ar aistear chun na réaltaí: Liam Ó Maonlaí ag canadh an ceol David Bowie[nasc briste go buan], 21 D.F. 2016
  2. Nuacht RTÉ (2016-01-11). "Omós á léiriú do David Bowie atá básaithe" (as ga). 
  3. ccea.org.uk. "COMHAD FÍRICÍ: CEOL GCSE". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-12. Dáta rochtana: 2021.
  4. maynoothuniversity.ie. "David Bowie". Dáta rochtana: 2021.
  5. 5.0 5.1 5.2 Tomaí Ó Conghaile. "Nuair a labhair Bowie i nGaeilge Slán le sárlaoch ceoil ár linne" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2021-01-11.
  6. "David Bowie dies of cancer aged 69" (en-GB). BBC News (2016-01-11). Dáta rochtana: 2021-01-11.
  7. "A Reality Tour (album)" (as en) (2020-11-21). Wikipedia. 
  8. Seán Tadhg Ó Gairbhí. "Bowie an ‘Réaltnach’ chugainn as Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-11.
  9. "‘Seo é Ground Control chuig Major Tom…’ – blaiseadh de liricí David Bowie as Gaeilge!" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-11.
  10. http://www.bbc.com/news/entertainment-arts-35278872