Uirlis mhéarchláir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilUirlis mhéarchláir
Cineáluirlis cheoil
Sonraí3 haois "RCh"
Gairm ealaíontaméarchláraí

Gléas ceoil ina rialaítear na hairdí éagsúla le méarchlár, sraith luamhán atá eagraithe in dhá líne, de ghnáth. Seinneann an líne thosaigh nótaí an scála dhiatonaigh ar C mór, is an líne chúil na hairdí eatarthu siúd. Nuair a sheinntear in ord ó chlé go deas iad, déanann siad scála crómatach 12 nóta ardaitheach. Ar mhéarchláir nua-aoiseacha pianó, bíonn na gléis thosaigh bán is na gléis chúil dubh. In uirlisí luatha mhalartaítí na dathanna seo go minic. In orgáin, ní bhíonn aon difreálú sa chlár troitheán de ghnáth. Tá an méarchlár lárnach in aerafóin (an cairdín, mar shampla), cordafóin (an pianó, mar shampla) agus leictreafóin (an sintéiseoir, mar shampla). Cnuasainm ar na huirlisí leictreonacha méarchláir go léir (an pianó leictreach, an t-orgán leictreach, an sintéiseoir) a úsáideann popghrúpaí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Uirlis mhéarchláir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 690.