Uirlis cheoil
Is éard atá in uirlis cheoil (nó gléas ceoil) ná feiste chun fuaimeanna ceolmhara a dhéanamh, i measc na lámhdhéantúsán cultúrtha is ársa dá bhfuil ann. Athraíodh is forbraíodh iad thar na cianta le forbairtí teicniúla, teacht chun cinn ábhar nua, agus intleacht a ndéantóirí is na gcumadóirí ceoil. Tá cuid mhaith acu imithe i léig, bíodh is go dtugtar ar ais iad ó am go chéile, chun luathcheol a sheinm, mar shampla.
Roinntear na gléasanna sa cheolfhoireann shiansach nua-aoiseach i 4 shaghas—gaothuirlisí adhmaid is práis, cnaguirlisí, agus téaduirlisí — agus rangaítear mar sin iad sna scóir ceoil. Bealach eile chun gléasanna a rangú, de réir an bhealaigh a seinntear iad: le bogha, séideadh, bualadh, tarraingt, méarú, nó tadhall amháin.
Glactar mar chaighdeán anois le rangú a thairg na ceoleolaithe Erich von Hornbostel (1877-1935) is Kurt Sachs (1881-1959) i 1914, bunaithe ar shaothar Charles Victor Mahillon (1841-1924). Roinn siad na gléasanna i 4 phríomhrang de réir airíonna fisiciúla foinse na fuaime (is é sin, airíonna an ghníomhaí chreathaigh): aerafóin (an t-aer ag creathadh), cordafóin (téad nó téada ag creathadh), ideafóin (corp an ghléis féin ag creathadh), agus scannánafóin (scannán rite ag creathadh). Ó shin cuireadh an 5ú rang leis: an leictreafón (ina gcritheann leictreamaighnéad, ascaltóir nó feiste eile leictreach nó leictreonach). Is féidir gach rang a fho-roinnt de réir airíonna eile.
Catagóirí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Déanann uirlisí ceoil fuaimeanna ar bhealaí difriúla[1]. Ní sheinneann gach uirlis cheoil gach nóta atá sa tiúin.
Cnaguirlisí nó Uirlisí Tuargana[cuir in eagar | athraigh foinse]
Buailtear uirlisí chun fuaimeanna a chruthú. Mar shampla, is uirlisí tuargana iad na drumaí. Nuair a bhuailtear iad, creathann an "craiceann" agus cruthaíonn sé fuaim. Is é an guth daonna an uirlis cheoil is sine ar domhan.
Uirlisí Téad[cuir in eagar | athraigh foinse]
Nuair a chreathann na téada, déanann na huirlisí ceol.
- Is féidir na téada a phiocadh, mar shampla an bainseó.
- is féidir bogha a úsáid ar na téada, mar shampla an Dordveidhil.
- Is féidir na téada a bhualadh le casúr, mar shampla taobh istigh de phianó.
Gaothuirlisí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Déanann gaothuirlisí ceol nuair a shéidtear isteach iontu is creathann an t-aer atá istigh iontu.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |