Leictreafón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aon ghléas ceoil ina ndéantar an fhuaim le hascaltóirí meicniúla nó leictreonacha (mar shampla, sintéiseoirí) nó inar gá creathanna fuaimiúla a aimpliú go leictreonach chun go gcloisfear iad (mar shampla, an giotár leictreach). Is iad na leictreafóin an 5ú rang gléasanna, ag cur leis an 4 cheann i rangú caighdeánach Hornbostel is Sachs.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Leictreafón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 404.