Curiarrachtaí Domhanda Guinness

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharCuriarrachtaí Domhanda Guinness
(en) Guinness World Records Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáltréimhseachán, saothar liteartha agus gradam Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánÉire agus an Ríocht Aontaithe, 1955 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1955
Tréith
Príomhábharcuriarracht an domhain Cuir in eagar ar Wikidata
Seánrasaothar tagartha Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na leathanach230 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta978-1-904994-67-1 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáinguinnessworldrecords.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: GuinnessWorldRecords Twitter: GWR Instagram: guinnessworldrecords LinkedIn: guinness-world-records Snapchat: gwr Youtube: UCeSRjhfeeqIgr--AcP9qhyg Pinterest: GWRecords TikTok: guinnessworldrecords Cuir in eagar ar Wikidata
Faigheann daoine teastas... anseo Joe Alexander, ar Guinness World Records Day 2013, in Hamburg
Lógó

Leabhar tagartha is ea Curiarrachtaí Domhanda Guinness, a fhoilsítear go bliantúil. Cuimsíonn sé bailiúchán de curiarrachtaí atá aitheanta go h-idirnáisiúnta, i ngach saghas réimse ó éachtaí daonna go dtí an gnéithe an dúlra.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá curiarracht ag an leabhar féin - an tsraith leabhar is mó díol riamh. B'é Sir Hugh Beaver, stiúrthóir bainistíochta Guinness a chéadcheap an smaoineamh agus é amuigh ag fiach taobh le Abhainn na Sláine i gContae Loch Garman ar an 4 Bealtaine 1951. Bhí argóint ar siúl idir eisean agus ball eile den ghrúpa faoin éanlaith ghéim is sciobtaí - an chearc fhraoigh nó an feadóg bhuí. Shocraigh sé go raibh gá le cuntas ceart a bheith ann chun a leithéid de cheisteanna a fhreagairt.[1]

Eisíodh an chéad eagrán ar an 27 Lúnasa 1955, agus bhí sé ag barr liosta na leabhair is mó díol in am do Nollaig na bliana sin.

Scríobh Ross McWhirter agus a leathchúpla, Norris, an chéad eagrán sa bhliain 1955 agus bhunaigh siad an comhlacht, "Guiness superlatives" ar 30 Samhain 1955. Tá an-éileamh ar an leabhar ó shin.

Feallmharaíodh Ross McWhirter ar 27 November 1975. Bhí sé i bhfad amach ar an eite dheis. Bhí luaíocht £ 50,000 á tairiscint ag McWhirter chun teacht ar baill den IRA, an 'Balcombe Street Gang'[2] i Londain. Ach lámhach siad é.

Thugtaí an teideal Leabhar Curiarrachtaí Guinness (nó Guinness Book of Records) air suas go dtí an bhliain 2000, agus Guinness World Records ó shin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Our story" (en-gb). Guinness World Records. Dáta rochtana: 2022-11-27.
  2. Póilín Ní Chiaráin (3 Feabhra 2019). "‘Ní stair ársa í seo’ – freagraí dlite faoi bhuamáil Guildford" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-27.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]