An Teileascóp

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Teileascóp
an Teileascóp
an Teileascóp
Ainm Laidine (IAU)Telescopium
NodTel
Ginideach LaidineTelescopii
Siombalaíochtan Teileascóp
Dronairde19 h
Diallas−50°
Achar252 céim cearnach
Céim 57ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gileα Tel
(méid 3.49)
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +40° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Lúnasa an infheictheacht is fearr

Réaltbhuíon bheag neamhfheiceálach is ea an Teileascóp atá suite ar an leathsféar neamhaí theas ar an taobh theas de réaltbhuíon an tSaighdeora. Ba é an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh an réaltbhuíon seo sna blianta 1751-52.

Tugtar Telescopium mar ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo, rud a chiallaíonn "teileascóp".


Príomhghnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]


Réada suntasacha domhainspéire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh réaltbhuíon an Teileascóip. Chaith Lacaille na blianta 1751 agus 1752 san Afraic Theas agus é ag clárú réaltaí an leathsféir theas. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain 1756 ach ní raibh ann ach plánaisféar agus é sa teanga Fraincise. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain 1763, bliain amháin tar éis bhás Lacaille. Coelum Australe Stelliferum an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an Laidin, agus chuir sé trí réaltbhuíon na Cíle, na Seolta agus Dheireadh na Loinge in áit Argo Navis (nó Le Navire, mar a thug sé air sa chéad eagrán).

Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an Teileascóp ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá atá inniu ann glacann an an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.

Le Telescope ("an Teileascóp") an t-ainm Fraincise a thug Lacaille ar an réaltbhuíon seo ar dtús. Teileascóp aerga a bhí i gceist – sin le rá, an saghas teileascóip ar bhain an réalteolaí Giovanni Domenico Cassini úsáid as i Réadlann Pháras ag tosú an 18ú haois. Teileascóp athraonta a bhí ann a raibh feadán an-fhada anásta aige chun iomrall crómatach a chealú.

Sa bhliain 1801, ar an léarscáil neamhaí Uranographa de chuid an réalteolaí Ghearmánaigh Johann Bode, tugadh Tubus Astronomicus ("an Feadán Réalteolaíochta") mar ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo.

Telescopium an t-ainm Laidine a tugadh uirthi ar an bplánaisféar de chuid Lacaille a tháinig amach sa bhliain 1763, agus is é seo an t-ainm Laidine a thugtar uirthi sa lá atá inniu ann.

Ar an léarscáil neamhaí de chuid Lacaille, shínigh an Teileascóp ó thuaidh idir réaltbhuionta an tSaighdeora agus na Scairpe, ach sa lá atá inniu ann gaibhnítear don cheantar sin na spéire í atá laisteas den Saighdeoir agus de réaltbhuíon Thriantán an Deiscirt. Mar sin de, tugtar Eta Sagittarii ar Beta Telescopii, G Scorpii ar Gamma Telescopii, agus 45 Ophiuchi (nó d Ophiuchii) ar Theta Telescopii.

Miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ós rud é nár cruthaíodh réaltbhuíon an Teileascóip go dtí an 18ú haois, níl aon bhaint aici le miotaseolaíocht an tSeansaoil. Lena chois sin, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an réaltbhuíon seo ós rud é gur scoir Lacaille den thraidisiún sin ar dá réir a d'ainmnítí na réaltbhuíonta as carachtair mhiotaseolaíocha; ina áit sin roghnaigh sé go formhór ainmneacha uirlisí a úsáidtear sna heolaíochtaí.

Réaltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752

an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir