An tAerchaidéal
Ainm Laidine (IAU) | Antlia |
---|---|
Nod | Ant |
Ginideach Laidine | Antliae |
Siombalaíocht | an tAerchaidéal |
Dronairde | 10 h |
Diallas | −90° |
Achar | 239 céim cearnach Céim 62ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 0 |
Réalta is gile | α Ant (méid 4.25) |
Dreigecheathanna | Dada |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +45° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Aibreán an infheictheacht is fearr |
Is réaltbhuíon réasúnta nua í an tAerchaidéal óir ní ceapadh go dtí an 18ú haois í, ós rud é go raibh sí ródhoiléir lena admháil ag na seanghréagaigh. Ghlac an IAU léi mar cheann den 88 réaltbhuíon nua-aimseartha. Ag tosú i dtuaisceart na réaltbhuíne, seo iad a leanas na réaltbhuíonta atá timpeall an Aerchaidéil: an Phéist Uisce, Compás an Mhairnéalaigh, na Seolta, agus faoi dheireadh an Ceinteár.
Tugtar Antlia mar ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo, rud a chiallaíonn "aerchaidéal".
Príomhghnéithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- α Ant: is réaltbhuíon dhoiléir í an tAerchaidéal gan aon réaltaí geala inti. Is í an réalta is lú doiléir ná α Ant; agus cé gurb í príomhréalta de chuid an Aerchaidéil í, níl a gile dhealraitheach ach ar méid 4.25. Is K4 III a haicme speictreach is a cineál lonrachais
Réada suntasacha domhainspéire
[cuir in eagar | athraigh foinse]- NGC 2997: réaltra bíseach den chineál Sc, atá claonta ar uillinn 45° dár líne radhairc.
- NGC 3132: tugtar Réaltnéal na n-Ocht Phléascadh (Eight Burst Nebula as Béarla) nó Réaltnéal Fáinneach Theas (Southern Ring Nebula) mar ainmneacha eile ar an réaltnéal pláinéadach seo. Tá córas déréalta i lár an réada seo.
- PGC 29194: tá an t-abhacréaltra sféaróideach seo, nach bhfuil ina ghile dhealraitheach ach an amharcmhéid 14.8, ina bhall dár nGrúpa Áitiúil de réaltraí.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh réaltbhuíon an Aerchaidéil. Chaith Lacaille na blianta 1751 agus 1752 san Afraic Theas agus é ag clárú réaltaí an leathsféir theas. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain 1756 ach ní raibh ann ach plánaisféar agus é sa teanga Fraincise. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain 1763, bliain amháin tar éis bhás Lacaille. Coelum Australe Stelliferum an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an Laidin, agus chuir sé trí réaltbhuíon na Cíle, na Seolta agus Dheireadh na Loinge in áit Argo Navis (nó Le Navire, mar a thug sé air sa chéad eagrán).
Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an tAerchaidéal ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá atá inniu ann glacann an an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.
La Machine Pneumatique agus Antlia pneumatica (.i. an t-ainm Fraincise agus an t-ainm Laidine ar an aerchaidéal a chum an t-eolaí Éireannach Robert Boyle) na h-ainmneacha a thug Lacaille uirthi ar dtús, ach giorraíodh idir sin is tráthas an ceann Laidine; dá bhrí sin tugtar an tAerchaidéal ar an réaltbhuíon seo as Gaeilge.
Is suimiúil a thabhairt faoi deara nach ndearna Lacaille aon iarracht de réir cosúlachta na litreacha Bayer a dháileadh ar na réaltaí de réir a ngile dealraithí.
Miotaseolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ós rud é nár cruthaíodh réaltbhuíon an Aerchaidéil go dtí an 18ú haois, níl aon bhaint aici le miotaseolaíocht an tSeansaoil. Lena chois sin, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an Aerchaidéal ós rud é gur scoir Lacaille den thraidisiún sin ar dá réir a d'ainmnítí na réaltbhuíonta as carachtair mhiotaseolaíocha; ina áit sin roghnaigh sé go formhór ainmneacha uirlisí a úsáidtear sna heolaíochtaí.
Réaltaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
- Réaltaí suntasacha eile:
- HR 93083 8.33 – tá pláinéad eachtarghréine aige
- U Antliae 5.50 – réalta carbóin
Féach fosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Yale Bright Star Catalog
- an tAerchaidéal ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-05-02 ar an Wayback Machine
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an tAerchaidéal agus miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-05-09 ar an Wayback Machine
- an tAerchaidéal ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an tAerchaidéal Curtha i gcartlann 2008-03-02 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752 |
an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp |