Robert Boyle

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Robert Boyle
The Shannon Portrait of the Hon Robert Boyle.jpg
Saol
Eolas breitheCaisleán Leasa Móire agus Lios Mór, 25 Eanáir 1627, 25 Eanáir 1626
Áit chónaitheContae Phort Láirge
Sasana
BásLondain, 31 Nollaig 1691
Áit adhlacthaSt Martin-in-the-Fields, Westminster (en) Aistrigh
Muintir
AthairRichard Boyle, 1ú Iarla Chorcaí
MáthairCatherine Fenton
Céile/Céilíluach ar iarraidh
Siblíní
Oideachas
Alma materColáiste Eton
(1635 -
Teangachaan Béarla
an Fhraincis
An Laidin
an Ghaeilge
Gairm
Gairmfisiceoir, ceimiceoir agus fealsamh
FostóiríLondain
Comhlacht na hIndiacha Thoir
Saothar iomráiteachDlí Boyle
Duaiseanna
Comhalta den Chumann Ríoga  (Samhain 28, 1660)
Daoine le tionchar air/uirthiGalileo Galilei, René Descartes, Francis Bacon, Cornelis Drebbel (en) Aistrigh, Otto von Guericke agus Ibn Tufayl (en) Aistrigh
BallraíochtAn Cumann Ríoga
Invisible College (en) Aistrigh
Gluaiseachtstocshealbhóir
Cleamhnú
ReiligiúinAnglacánachas

Eolaí Angla-Éireannach ab ea Robert Boyle (25 Eanáir 1627 - 30 Nollaig 1691), a thuill an teideal Athair na Ceimice de bharr a chuid oibre.

University College, Ollscoil Oxford

'Athair na ceimice'[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cháin Boyle teoiricí an ama ar dhamhna, agus thairg teoiric adamhach[1].

dlí Boyle

Rinne Boyle turgnaimh chuimsitheacha le caidéil aeir chun airíonna folúis a scrúdú: thaispeáin sé nach bhforleathann fuaim i bhfolús, go dtiteann cleite níos tapa ann ná san aer, go múchtar coinneal ann, agus go bhfaigheann ainmhithe bás ann. D'fhorbair sé "dlí Boyle” na ngás (pV = tairiseach), is é sin go bhfuil brú (P) is toirt (V) an gháis comhréireach go hinbhéartach lena chéile ag teocht thairiseach.

Boyle ag Jonathan Richardson

D'fhoilsigh Boyle an leabhar Sceptical Chymist (Ceimicí Amhrasach, 1661) agus bhunaigh sé an Cumann Ríoga an bhliain chéanna.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh agus tógadh Boyle i gCaisleán Lios Móir i gContae Phort Láirge, agus fealsúnaí nádúrtha a bhí ann.

Cor cinniúnach i stair na tíre agus i stair na Gaeilge ab ea foilsiú Shean-Tiomna Bedell sa bhliain 1682. Ba le hairgead Boyle a foilsíodh an chéad leagan Gaeilge den tSean-Tiomna i 1685. [2] Bhí Boyle ina stiúrthóir ar Chomhlacht na hlndia Thoir.

Nasc seachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. dar le Matt Hussey, Fréamh an Eolais, l86
  2. Coinnímis in Éirinn é’ – feachtas ar bun chun an chéad aistriúchán Gaeilge ar an Sean-Tiomna a cheannach https://tuairisc.ie/coinnimis-in-eirinn-e-feachtas-ar-bun-chun-an-chead-aistriuchan-gaeilge-ar-an-sean-tiomna-a-cheannach/