Francis Bacon
Jump to navigation
Jump to search
Fealsamh is polaiteoir Sasanach ab ea Sir Francis Bacon (22 Eanáir 1561 – 9 Aibreán 1626). Aistí an-dlútha a scríobh sé. Thionscain sé modh ionduchtach na heolaíochta turgnamhaí don fhealsúnacht. Chríochnaigh sé dhá chuid dá iarracht chun eolas an duine a atheagrú, Novum Organum (Orgán Nua, 1620), agus De Augmentis Scientiarum (Ar Argóintí na nEolaíochtaí, 1623), a thug spreagadh láidir don mhodh eolaíoch mionscrúdaithe a d'fhás ina dhiaidh sin. Scríobh sé The New Atlantis (Atlantas Nua, 1627), cur síos ar útóipe a bhí bunaithe ar phrionsabail eolaíochta.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |