Edward Coke
Abhcóide, breitheamh, Tiarna Príomh-Bhreitheamh agus polaiteoir Sasanach ab ea Edward Coke (1 Feabhra 1552 – 3 Meán Fómhair 1634), i measc na bpearsana is tábhachtaí i stair an dlí choiteann.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhrestal Coke ar Norwich Free Grammar School ó 1560 ar aghaidh. Chaith sé trí bliana (1567-1570) mar mhac léinn i gColáiste na Tríonóide, Cambridge. Níor bhain sé céim ar bith amach is cosúil. Ach bhí sé in ann ballraíocht a ghlacadh ansin in Ósta Clifford i 1571 agus ina dhiaidh sin sa Teampall Laistigh. Glaodh chun Bharra Shasana air sa bhliain 1578.
Ba ghearr go raibh Coke ar na príomhabhcóidí sa tír, ag pléideáil i gcásanna ríthábhachtacha mar Shelley's Case agus Slade's Case. Ó ba rud é gur ghníomhaigh sé go rathúil ar son Mhuintir Howard (Diúic Norfolk) bhain sé a dtacaíocht sa pholaitíocht amach agus toghadh mar fheisire thar ceann Aldeburgh sa bhliain 1589.
Bhí Coke ina Aturnae Ginearálta ó 1592 go 1594 agus ina Ard-Aighne ó 1594 go 1606 agus ina Spéicéir ar Theach na dTeachtaí freisin, ó 1592 go 1593.
Tiarna Príomh-Bhreitheamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Coke ina Phríomh-Bhreitheamh ar na Pléadálacha Coiteanna ó 1606 go 1613 agus ina Phríomh-Bhreitheamh ar Bhinse an Rí ó 1613 go 1616. Sa dá phost sin chuir sé in éadan leathnaithe gan údar (dar leis) ar lánrogha an rí. Mar gheall air sin, ar dtús aistríodh ó Chúirt na Pléadálacha Coiteanna go Chúirt Bhinse Rí é agus ansin briseadh mar bhreitheamh é.
Chuaigh Coke isteach sa Pharlaimint arís gan scáth gan eagla sa bhliain 1620. Ba ghearr go raibh príomhpháirt aige agus feisirí ag cur i gcoinne na n-iarrachtaí a rinne Séamas I agus Séarlas I údarás na Corónach a leathnú.
Bhí Coke ceangailte go mór leis an ionsaí a rinneadh ar mhonaplachtaí ríoga agus le hAchainí um Chearta (sa bhliain 1628) agus agóidí eile in aghaidh an rí.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'éirigh sé as an bpolaitíocht sa bhliain 1629 agus fuair sé bás cúig bliana dár gcionn. D'éag Coke ar 3 Meán Fómhair 1634, in aois 82 bliain dó; luigh an corp faoi ghradam stáit i nGodwick, Norfolk ar feadh míosa.
Tionchar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an-tionchar ar fhorbairt an dlí choiteann ag na tuarascálacha dlí a chuir Coke i dtoll a chéile (a foilsíodh idir 1600 agus 1659) agus ag a mhórshaothar Institutes of the Lawes of England (1628-44).
Bhí tionchar ar leith ag Coke ar dhlí bunreachtúil Mheiriceá, maidir leis na cearta sibhialta, scaradh na gcumhachtaí agus córas an athbhreithnithe bhreithiúnaigh.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Scoil Dlí, COBÁC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-09-03.