Achainí um Chearta (1628)
Cineál | Acht de chuid Pharlaimint Shasana ![]() |
---|---|
Bailíocht | 1628 - |
Údar | Edward Coke ![]() |
Ar an 7 Meitheamh 1628, thug Séarlas I a aontú d'Achainí um Chearta[1][2] (a chuir An Ridire William Blackstone isteach ar a liosta údarásach de bun-dhlíthe Shasana sna 1760idí)[3].
Den chuid is mó léirigh an Achainí an tuairim a bhí ag na Tiarnaí agus na Teachtaí go raibh na rudaí seo a leanas in éadan dhlí Shasana, gan cead na Parlaiminte:[4]
- cánacha a ghearradh (iasachtaí éigeantacha don Choróin san áireamh),
- príosúnacht nó bású nach dtarlaíonn de réir "phróis chuí an dlí",
- an dlí míleata a chur i bhfeidhm do sibhialtaigh seachas in aimsir chogaidh agus
- saighdiúirí agus mairnéalaigh a chur ar billéad go héigeantach.

Séarlas I, Nollaig 1627
Dá thairbhe sin, is céim bhunúasach an Achainí i bhforbairt smaointe Sasanacha agus Mericeánacha, maidir leis an tsaoirse bhunreachtúil agus an rialtas bunreachtúil — mar shampla, an prionsabal nár cheart na fórsaí armtha a imlonnú chun críocha na slándála baile ach i gcásanna eisceachtúla amach is amach.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ ""Achainí um Chearta"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-06-07.
- ↑ nó "Achainí an Chirt"
- ↑ "Fundamental Laws of England" (as en) (2019-12-22). Wikipedia.
- ↑ "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-07.