Útóipe
Appearance
Stát idéalach is ea útóipe, mar a bhfuil gach rud in eagar ar mhaithe leis an gcine daonna i gcoitinne, gan rian de dhrochrudaí cosúil le bochtanas ná ainnise. Tugadh an teideal mar ainm ginearálta ar gach coincheap den saghas ag fealsaimh nó aislingigh.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Teidil leabhair le Thomas More (1478-1516) ba ea Utopia (1516).
Roimhe sin bhí a leithéid de choincheap ag Platón i bPoliteia (An Phoblacht, c 380 RC)
Bhí an coincheap ag Naomh Agaistín (354-430) ina De Civitate Dei contra Paganos (Cathair Dé i gCoinne na bPágánach, c 410).
Ina dhiaidh bhí
- La Città del Sole (Cathair na Gréine, 1623) le Campanella (1568-1639),
- The New Atlantis (An tAtlantas Nua, 1627) le Francis Bacon (1561-1626) agus
- The Commonwealth of Oceana (Comhlathas na hAigéana, 1656) le James Harrington (1611-1677).
Cur i gcoinne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Aldous Huxley agus George Orwell ionsaí aorach ar an gcoincheap.
- Scríobh Aldous Huxley (1894-1963) Brave New World nó Domhan Nua Dána sa bhliain 1932.
- Scríobh George Orwell (1903-1950) Animal Farm nó Feirm na nAinmhithe (1945) agus Nineteen Eighty-Four nó Naoi gCéad Ochtó Ceathair (1949).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Útóipe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 694.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |