Naomh Agaistín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
San Agaistín, le Botticelli (t.1480)

Naomh tábhachtach san Eaglais Chaitliceach ab ea Agaistín HippoSan Agaistín (13 Samhain 35428 Lúnasa 430).

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Aurelius Augustinus i dTagaste san Afraic Thuaidh i 354. Ba saoránach Rómhánach págánach a athair, Patricius agus ba Bhearbéir agus Chríostaí a mháthair, Naomh Monica. Níor báistíodh é agus é ina leanbh.

D'fhreastail sé ar an ollscoil sa Chartaig agus thóg sé do shaol na mac léinn ag an am.

Bhí mac aige, Adeodatus, lena leannán nó bean leapa (ní raibh siad riamh pósta).

Ghlac Agaistín Mainicéasaíocht ar feadh seal. Bhí sé ag múineadh reitric san ollscoil i Carthago, sa Róimh agus i Milano ina dhiaidh sin. D'fhill sé ar Milano, agus ba ghnách leis dul ag éisteacht le heaspag Milano, Naomh Ambrós, toisc go raibh suim aige i gcumas labhairt aige.

Críostaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Les Très Riches Heures du duc de Berry, Folio 37v - Musée Condé, Chantilly.

Thiontaigh Agaistín ina Chríostaí agus báistíodh é sa bhliain 387.

Oirníodh Agaistín ina shagart agus toghadh é mar easpag Hippo Regius go gearr ina dhiaidh.

Fuair a mháthair agus a mhac le chéile bás tamaill gearr ina dhiaidh.

Sa bhliain 388, chuir Agaistín tosach le comhphobal beag fireann san Afraic Thuaidh. Bhain sé cáil amach mar chosantóir na Críostaíochta Ceartchreidmhigh i gcoinne ionsaithe na Meanaicigh agus eiricigh cosúil leis na Donataigh agus lucht Pelagius.

Fuair Agaistín bás ar 28 Lúnasa 430 nuair a bhí na Vandail ag déanamh ionsaí ar Hippo.

fresco, Lateran, An Róimh, 6ú haois

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Agaistín riail atá fós á úsáid ag Oird Rialta san Eaglais Chaitliceach. Chuir sé tús le saol fada scríbhneoireachta. 'S iad na leabhair is tábhachtaí dá chuid ná Confessiones agus De civitate Dei.

Is é an fhéile atá aige ná 28 Lúnasa.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]