Naomh Muinice
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 332 (Féilire Ghréagóra) Thagaste |
| Bás | 387 54/55 bliana d'aois Ostia |
| Áit adhlactha | Tomb and chapel of Saint Monica of Hippo (en) Basilica of Saint Augustine in Campo Marzio (en) |
| Gníomhaíocht | |
| Tréimhse ama | Impireacht Íochtarach na Róimhe |
| Teangacha | An Laidin, an Phúnais, teangacha na mBeirbeireach agus an Iodáilis |
| Ardú | |
| Lá féile | 27 Lúnasa |
| Teaghlach | |
| Céile | Patricius |
| Páiste | Naomh Agaistín, Perpetua Hippo, Navigius Hippo |
Ba Bheirbeireach í Naomh Muinice, a chaith an chuid ba mhó dá saol san Afraic Thuaidh.
Cé gur Críostaí a bhí inti, bhí sí pósta le fear págánach níos sine ná í darbh ainm Patricius (Pádraig i nGaeilge, ar ndóigh). Bhí triúr clainne orthu, ach ba é Naomh Aibhistín an duine ba cháiliúla dóibh.

Ba chúis imní do Mhuinice an saol a bhí á chaitheamh ag a mac. Uair amháin, chuaigh sí chuig easpag chun sólás a fháil. Nuair a chonaic sé í ag caoineadh uair amháin, dúirt sé léi nárbh fhéidir le mac neamairt a dhéanamh de dheoraí a mháthar.
Thiontaigh Aibhistín ina Chríostaí nuair a bhí sé níos sine. Fuair Naomh Muinice bás gar do Róimh go gearr ina dhiaidh sin sa bhliain 387.
Tá a lá féile ar 4 Bealtaine de réir an fhéilire traidisiúnta ach ar 27 Lúnasa ar nua-fhéilire na hEaglaise.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |